Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 1:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Féach, béidh maighdean torrach, agus béarfaidh sí mac, Agus do‐bhéarfar Emmanuel mar ainm air, ainm chialluigheas, Dia linn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 “Féach, óigh a ghafas agus a bhéarfas mac, agus gairfear Emanuél de” (a chiallaíos, go bhfuil Dia linn).

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Féach, béidh maighdean ag iomchar cloinne, agus béarfaidh sí mac, agus bhéarfaidh siad Emmanuel air mar ainm, rud a chialluigheas, Dia maille linn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Tabhair dod aire, bíaidh maighdean tórrach, agus bearuidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Emmanuel dainm air, noch ar na mhiniughadh, iseadh, Día maille rinn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Féach, beidh gein’n-a broinn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabharfaid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluigheann an ainim sin, Dia linn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánúéil mar ainm air,” – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 1:23
18 Tagairtí Cros  

Agus ar ndúiseacht do Sheosamh, do‐rinne sé mar d’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhean,


g‐á theagasc dóibh gach ar órduigheas daoibh do chóimhlíonadh, agus féach, atáim‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, go deireadh an tsaoghail.


Mar sin de goireann Dáibhi Tighearna dhe, agus cionnas atá sé ’n‐a mhac aige?


Agus do‐rinneadh colann de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh sé ’n‐ár measc (agus do chonnacamar a ghlóir, amhail glóir Aon‐Mhic an Athar), lán de ghrás agus d’fhírinne.


Agus adubhairt an Tighearna le Pól i n‐aisling na h‐oidhche, Ná bíodh eagla ort, acht labhair gan do bhéal do chosc:


Créad adéarfaimíd annsin i dtaobh na neithe sin? Má tá Dia i bpáirt linn, cia bhéas ’n‐ár n‐aghaidh?


gur leo na h‐aithreacha, agus gur uatha‐san do shíolruigh Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile nidh, Dia beannuighthe go deo. Amén.


is é sin, go raibh Dia i gCríost ag réidhteach an tsaoghail leis féin, gan cionnta na ndaoine do chur ’n‐a leith: agus thug sé dhúinn briathar an réidhtigh.


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain.


Go raibh an Tighearna led’ spiorad. Grása go raibh libh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí