Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 1:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus ar ndúiseacht do Sheosamh, do‐rinne sé mar d’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhean,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Nuair a mhúscail Iósaf óna shuan, rinne sé mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó; agus ghlac sé chuige a bhanchéile,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Agus ar mhuscladh as a chodladh do Ióseph, rinne sé mar d’órduigh aingeal an Tighearna dó, agus ghlac sé chuige a bhain-chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus ar músgladh do Ióseph as a chodladh do rinne sé mar do aithin aingeal an Tighearna dhe, agus do ghabh sé chuide a bhean:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus nuair a dh’eirigh Ióseph as a chodla do dhein sé mar a dh’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhan-chéile;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, agus rinne mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, agus rinne mar d'ordaigh aingeal an Tiarna dó: 25 a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 1:24
18 Tagairtí Cros  

Féach, béidh maighdean torrach, agus béarfaidh sí mac, Agus do‐bhéarfar Emmanuel mar ainm air, ainm chialluigheas, Dia linn.


acht níor aithin sé í nó go rug sí mac, agus thug sé ÍOSA mar ainm air.


Is sibh‐se mo cháirde má ghníonn sibh a n‐órduighim daoibh.


Agus féach aingeal an Tighearna ’n‐a sheasamh ’n‐a aice, agus do dheallruigh solas san charcair: agus do bhuail sé Peadar san gcliathán, gur dhúisigh sé é, g‐á rádh, Éirigh id’ sheasamh de láthair. Agus do thuit na slabhraidhe d’á lámhaibh.


Acht d’fhoscail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin san oidhche, agus thug sé amach iad, agus adubhairt,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí