Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Eoin 20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XX. Aiséirighe Chríost agus é ’ghá thaisbeáint féin d’á dheisgiobulaibh.

1 Agus an chéad lá de’n tseachtmhain thainig Máire Mhaghdalén ar maidin, agus an doircheacht fós ann, chun na h-uagha, agus chonaic sí an leac tógtha ó’n uaigh.

2 Ansan do rith sí agus tháinigh sí ag triall ar Shímón Peadar agus ar an ndeisgiobul eile úd ab ionmhuin le h-Íosa, agus dubhairt sí leó: Do thógadar an Tighearna as an dtuama, agus ní fios dúinn cár chuireadar é.

3 Agus d’imthigh Peadar agus an deisgiobul eile amach, agus thanadar chun an tuama.

4 Agus bhí an bheirt ag ruith i n-aonfheacht, agus do rith an deisgiobul eile níba luatha ’ná Peadar, agus isé ba thúisge tháinig chun an tuama.

5 Agus nuair do chrom sé do chonaic sé an línéadach leagaithe ann; ach níor chuaidh sé isteach.

6 Ansan do tháinig Símón Peadar ’n-a dhiaidh, agus chuaidh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé an línéadach leagaithe ann,

7 Agus an ciarsúir a bhí ar a cheann, agus ní h-i dteannta na n-éadaighe lín a bhí sé sin, ach i n-áit fé leith agus é fíllte i n-aon áit amháin.

8 Ansan do chuaidh isteach an deisgiobul eile, a tháinig ar dtúis chun an tuama; agus do chonaic sé agus do chreid sé.

9 Óir níor bh’fhios fós dóibh an scriptiúir, nár bh’fholáir é dh’eirighe ó sna mairbh.

10 Ansan d’imthigh na deisgiobuil abhaile airís.

11 Ach d’fhan Máire ’n-a seasamh i n-aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di, ámhthac, do chrom sí, agus d’fhéach sí isteach sa tuama;

12 Agus chonaic sí an dá aingeal, i n-éadach gheal, agus iad ’n-a suidhe, aingeal acu ag ceann agus an t-aingeal eile ag cosaibh na h-áite ’n-ar cuireadh corp Íosa.

13 Dubhradar léi: A bhean, cad fé ndeara dhuit bheith ag gol? Dubhairt sí leó: Mar do thógadar mo Thighearna, agus ní fheadar cár chuireadar é.

14 Nuair a bhí na focail sin ráidhte aici d’iompuigh sí siar, agus chonaic sí Íosa ’n-a sheasamh, agus ní raibh fhios aici gur bh’ é Íosa é.

15 Dubhairt Íosa léi: A bhean, cad sé ndeara dhuit bheith ag gol? Cé atá uait? Cheap sisi gur ghárdnóir é, agus dubhairt sí leis: A dhuine mhacánta, má’s tusa a thóg é, innis dam cár chuiris é, agus béarfad liom é.

16 Dubhairt Íosa léi: a Mháire. D’iompuigh sisi agus dubhairt sí leis: Rabbóní; (’sé sin le rádh, A Mháighistir).

17 Dubhairt Íosa léi: Ná teangmhuigh liom, óir níor chuas suas chun m’ Athar fós; ach imthigh ag triall ar mo bhráithre agus abair leó, Táim ag dul suas chun m’ Athar agus chun bhúr n-Athar, ag triall ar mo Dhia agus ar bhúr nDia.

18 Tháinig Máire Mhaghdalén agus d’innis sí do sna deisgiobuil: Do chonac an Thighearna agus dubhairt sé na neithe seo liom.

19 Agus um thráthnóna an lae chéadna, an chéad lá de’n tseachtmhain, agus na dóirse dúnta, mar a raibh na deisgiobuil cruinnighthe le h-eagla na nIúdach, tháinig Íosa agus do sheasaimh sé i lár baill, agus dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh.

20 Agus nuair adubhairt sé an focal san do thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a thaobh. Agus bhí áthas mór ar na deisgiobulaibh toisg go bhfeacadar an Tighearna.

21 Ansan dubhairt sé airís leó: Síothcháin daoibh. Fé mar a sheól an t-Athair mise seólaim-se sibh-se.

22 Tar éis an méid sin a rádh, do chuir sé anál fútha; agus dubhairt sé leó: Glacaidh an Spioraid Naomh.

23 Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, táid siad maithte dhóibh; agus na daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan maitheamh dóibh, táid siad gan maitheamh dóibh.

24 Ach Tomás, duine de’n dáréag, go dtugtí Didimus air, ní raibh sé ’n-a bhfochair nuair a tháinig Íosa.

25 Agus d’á bhrígh, sin, dubhairt na deisgiobuil eile leis: Chonacamair an Tighearna. Ach dubhairt seisean leó: Mura bhfeicead i n-a dhearnachaibh rian na dtaraingí, agus mura gcuiread mo mhéar isteach i n-inead na dtaraingí, agus mura gcuiread mo lámh isteach ’n-a thaobh, ní chreidfead é.

26 Agus tar éis ocht lá bhí na deisgiobuil istigh airís, agus Tomás ’n-a bhfochair. Tháinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus sheasaimh sé i lár baill, agus dubhairt sé: Síothcháin daoibh.

27 Ansan deir sé le Tomás: Cuir do mhéar anso isteach agus féach mo dhearnacha, agus sin anso do lámh, agus cuir isteach am’ thaobh í; agus ná bhí díchreideamhach, ach bhí creideamhach.

28 D’fhreagair Tomás agus dubhairt sé leis: Is tú mo Thighearna agus mo Dhia.

29 Dubhairt Íosa leis: Do chreidis, a Thomáis, mar do chonaicís mé. Is aoibhinn do’n mhuintir na feacaidh, agus do chreid.

30 Do dhein Íosa, i láthair a dheisgiobul, mórán eile mírbhúiltí ná fuil sgríobhtha sa leabhar so.

31 Ach do sgríobhadh an méid seo ionus go gcreidfeadh sibh gur bh’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ghá chreideamhaint, go mbeadh an bheatha agaibh i n-a ainim.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí