Gníomhartha 2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL II. An Spioraid Naomh dá ghlacadh ag na deisgiobulaibh. An tseanmóin a thug Peadar uaidh do’n phobul. Cráibhtheacht na ndaoine do ghlác an creideamh ar dtúis. 1 Agus nuair ai críochnuigheadh laethanta na Cíngcíse bhíodar go léir i n-aonfheacht i n-aon áit amháin, 2 Agus tháinig go h-obhann fuaim ó neamh mar bheadh fuaim gaoithe móire ag teacht agus do líon sé an fad an tigh ’na rabhdar ’n-a suidhe. 3 Agus do taisbeánadh dóibh mar bheadh teangthacha teine agus iad deighilte, agus do shuidh sé ar gach duine acu, 4 agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt. 5 Agus bhí ’n-a gcómhnuidhe i n-Ierúsalem Iúdaíg, daome diadha as gach náisiún fé’n spéir. 6 Agus nuair a leath an sgéal san do chruinnigh na daoine agus bhí mearathal aigne ortha, mar d’airigh gach duine acu a theanga féin acu-san dá labhairt. 7 Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus deiridís: Féach, nách Gaililiaigh iad san go léir atá ag cainnt? 8 Agus conus a thárla gur airigh gach duine againne a theanga dhúchais féin ionar tógadh é? 9 Pártaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus lucht cómhnuighthe Mhesopotámia, Iúdaéa agus Chapadócia, Phontuis agus Ásia, 10 Phrigia agus Pamphilia, na h-Éigipte agus na gcríoch san Libia atá tímpall an Chiréné, agus daoine iasachta ó’n Róimh, 11 Iúdaígh leis agus proseilítigh, Créiteacha agus Arabaigh; d’airigheamáir iad ag labhairt i n-ár dteangthachaibh féin ar oibreachaibh iongantacha Dé. 12 Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna agus deiridís le n-a chéile: Cad é seo mar obair? 13 Agus bhí tuille acu ag déanamh magaidh agus deiridís: Lán d’fhíon nua atáid siad san. 14 Ansan d’eirigh Peadar ’n-a sheasamh, agus an t-aoinne déag taoíbh leis, agus d’árduigh sé a ghlór agus do labhair sé leó: A fheara Iúdacha agus sibhse go léir, a lucht comhnuighthe Ierúsalem, bíodh ’fhios agaibh an méid seo, agus glacaibh i nbhúr gcluasaibh mo chainnt! 15 Mar ní h-ar meisge atáid siad so, mar is dóigh libhse, óir ní’l tagaithe ach an trímhadh tráth de’n lá. 16 Ach sidé an nídh a dubhradh ó bhéal an fháidh Ióél: 17 “Agus tiocfaidh ins na laethibh déanacha, adeir an Tighearna, doirtfead as mo Spioraid ar gach feóil, agus déanfaid bhúr gclann mhac agus bhúr gclann inghean targaireacht, agus chídhfid bhúr bhfir óga aislingí, agus déanfar taibhrithe d’bhúr seanóiríbh. 18 Agus doirtfead amach as mo Spioraid, ins na laethibh sin, ar mo bhuachailíbh agus ar mo chailíníbh, agus déanfaid siad targaireacht; 19 Agus taisbeánfad neithe iongantacha sa spéir thuas agus ar an dtalamh thíos, fuil agus teine agus gal deataigh. 20 Iompófar an ghrian ’n-a doircheacht agus an ghealach ’n-a fuil, roimh theacht do lá an Tighearna, an lá mór, sofheicse. 21 Agus iseadh bheidh, an uile dhuine do ghlaodhfaidh ar ainim an Tighearna saorfar é.” 22 A fheara Israéil, éistidh leis na bhréithribh seo. Íosa Nasareit, duine a shoillsigh Dia i nbhúr measg-sa leis na cómhachtaibh, agus leis na h-iongnaíbh agus leis na soluídíbh a dhein Dia tríd i nbhúr lár, mar is eól daoibh féin, 23 Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach. 24 Ach do thóg Dia é tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh, de bhrígh nár bh’féidir go gcimeádfí eisean fé n-a chumas 25 Óir deir Dáibhid ’n-a thaobh: “Do chínn roim sé an Thighearna am fhiadhnaise do ghnáth, óir tá sé ar mo dheis, ionus ná corrófí mé. 26 Uime seo do ghlac mo chroidhe áthas agus dhein mo theanga gáirdeachus, agus ’n-a theannta san gheobhaidh mo chuid feóla suaimhneas i ndóchas. 27 De bhrígh ná fágfair m’anam i n-ifreann agus ná léigfir do t’Aon Naomtha truailiú a dh’fheisgint. 28 Thugais eólus dom ar bhóithribh na bheatha agus lionfair me lán d’áthas le d’ghnúis.” 29 A fheara, a bhráithre, ní misde labhairt go dána libh i dtaobh an phátriáirc Dáibhid, go bhfuil sé marbh, curtha, agus go bhfuil a uaigh i n-ár measg go dcí an lá atá indiu ann. 30 Fáid ab eadh é agus bhí ’fhios aige gur dhearbhuigh Dia dhó go suidhfeadh aon de shíol a árann ’n-a chathaoir, 31 agus do chonnaic sé roim sé aiséirighe Críost agus do labhair sé air, nár fágad i n-ifreann é agus ná feacaidh a chuid feóla truailiú. 32 Do thóg Dia suas airís an t-Íosa so, agus is fínnithe sinne go léir air sin. 33 Do tógadh suas é, d’á bhrígh sin, ar deasláimh Dé agus do réir mar a fuair sé ó’n Athair an gheallamhaint i dtaobh an Spioraid Naoimh, do dhoirt sé amach é seo, agus chíonn sibhse é agus airígheann sibh é. 34 Óir níor chuaidh Dháibhid suas ar neamh; ach deir sé féin: “Dubhairt an Tighearna le m’Thighearna: 35 Suid ar mo dheis, Go gcuiread do namhaid mar thaca fé d’chosaibh.” 36 Bíodh a fhios dá bhrígh sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n-Israél, Íosa so a dheineabhairse a tárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tighearna dhe agus Críost. 37 Nuair airigheadar an méid sin tháinig aithreachas ortha agus dubhradar le Peadar agus leis na h-aspoil eile: A fheara, a bhráithre, cad tá le déanamh againn? 38 Agus dubhairt Peadar leó: Déinidh, ar seisean, aithríghe, agus glacadh gach duine agaibh baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maithfí bhúr bpeacaí dhaoibh, agus ansan glacfaidh sibh tabharthas an Spioraid Naoimh. 39 Óir is daoibhse agus d’bhúr sliocht an gheallamhaint, agus do sna daoine go léir atá i gcéin, pé air go nglaodhfaidh ár d-Tighearna Dia. 40 agus le mórán eile focal bhí sé ag deimhniú’ dhóibh agus ag tathant ortha, agus deiread sé: Cimeádaidh sibh féin saor ó’n sliocht aimhleasta so. 41 Ansan, an mhuinntir a ghlac a chómhrádh do baisteadh iad, agus do glacadh an lá san tímpall trí mhíle duine. 42 Agus bhíodar seasamhach do theagasg na n-Aspol, agus i gcumann an aráin do bhrise, agus ins na h-úrnuighthe. 43 Agus do cuireadh eagla ar an uile dhuine; agus do deinead mórán eile mírbhúiltí agus soluídí tré sna h-Aspoil i n-Ierúsalem, agus bhí eagla mór ar na daoine go léir. 44 Agus gach ar chreid díodar i bhfochair a chéile agus gach nídh coitchian acu. 45 Do dhíolaidís amach a sealbhas agus a maoin agus do rainnidís é ar an mbuidhin go léir fé mar a bhíodh gádh ag aoinne leis. 46 Agus d’fhanaidís do thoil a chéile sa teampul gach la, agus ag brise aráin ó thigh go thigh, do chaithidís a gcuid bídh i n-áthas agus i n-aoine croidhe, 47 Agus iad ag moladh Dé agus báidh ag na daoine go léir leó. Agus bhí an Tighearna, i n-aghaidh an lae, ag méadú na bhuidhne a bhí le sábháil. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society