Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 2:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do taisbeánadh dóibh mar bheadh teangthacha teine agus iad deighilte, agus do shuidh sé ar gach duine acu,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ann, agus iad á ndealú ó chéile agus ag tuirlingt ar an uile dhuine acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus taisbeánadh dóibh teangacha scoilte amhail de theinidh, agus shuidh ar gach aoinneach acu:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do nochtadh dhóibh mar bhéadh teangthacha teineadh scoilte ó chéile, do shuidh ar gach duine aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do taisbéanadh dhóibh teangtha sgoiltighe mar theine, noch do shuidh air gach áon dióbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu;

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 2:3
18 Tagairtí Cros  

Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.


Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.


Agus dubhradar le chéile: Ná raibh ár gcroidhe ar lasadh ionainn nuair a bhí sé ag caint linn agus ag nochtadh bríghe an scriptiúra dhúinn?


Ins na laethibh sin d’éirigh Peadar ameasg na mbráithre agus dubhairt sé (agus bhí tímpall le céad agus fiche duine cruinnighthe ann):


Iúdaígh leis agus proseilítigh, Créiteacha agus Arabaigh; d’airigheamáir iad ag labhairt i n-ár dteangthachaibh féin ar oibreachaibh iongantacha Dé.


Agus tháinig go h-obhann fuaim ó neamh mar bheadh fuaim gaoithe móire ag teacht agus do líon sé an fad an tigh ’na rabhdar ’n-a suidhe.


agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí