Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair tháinig lá Cingcíse, do bhíodar uile i n‐éinfheacht ar aon láthair.

2 Agus tháinig go h‐obann torann ó neamh mar bhéadh cuaifeach gaoithe aintréine ann, agus do líon sé an teach ’n‐a rabhadar ’n‐a suidhe.

3 Agus do nochtadh dhóibh mar bhéadh teangthacha teineadh scoilte ó chéile, do shuidh ar gach duine aca.

4 Agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do thionnscnadar labhairt as teangthachaibh éagsamhla, de réir mar thug an Spiorad dóibh labhairt.

5 Agus do bhí ’n‐a gcómhnaidhe i nIarúsalem Iúdaigh, daoine diadha as gach crích fá’n spéir.

6 Agus nuair chualathas an torann sin, do chruinnigh na daoine le chéile, agus do bhí mearbhall ortha, de bhrigh gur airigh gach duine aca a theanga féin d’á labhairt aca.

7 Agus do bhí iongnadh agus uathbhás ortha go léir, agus adubhradar le chéile, Féach, nach Galiléanaigh iad so go léir atá ag cainnt?

8 Agus cionnas chluinimíd‐ne, gach duine againn, ár dteanga féin ’n‐a rugadh sinn?

9 Pártaigh agus Méidigh agus Elamítigh, agus daoine chómhnuigheas i Mesópotámia, i nIúdaea agus i gCappadócia, i bPontus agus san Áise,

10 i bhFrigia agus i bPamfilia, san Éigipt agus i gcríocaibh Libia atá timcheall Chiréné, agus coimhighthigh ó’n Róimh, idir Iúdachaibh agus phrosélíteachaibh,

11 Créitigh agus Arábaigh, do‐chluinimíd iad ag labhairt ’n‐ár dteangthachaibh féin ar iongantaisibh móra Dé.

12 Agus do bhí árd‐iongnadh agus mearbhall ortha go léir, agus iad g‐á rádh le chéile, Créad is ciall dó mar scéal?

13 Acht bhí cuid aca ag magadh adubhairt, Lán d’fhíon úr atá siad.

14 Acht Peadar, ag éirghe ’n‐a sheasamh dó i n‐éinfheacht leis an aon duine déag, d’árduigh sé a ghlór, agus do labhair sé leo, A phobail Iúdaea, agus sibh‐se go léir chómhnuigheas i nIarúsalem, bíodh a fhios agaibh an méid seo, agus éistidh lem’ bhriathraibh.

15 Óir ní ar meisce atá siad‐san, mar mheasann sibh; mar ní fhuil sé acht an tríomhadh h‐uair den ló;

16 acht is é seo an rud adubhairt an fáidh Ióel;

17 Agus ins na Laethibh deireannacha, adeir Dia, Doirtfead mo Spiorad ar gach feoil: Do‐ghéanaidh bhúr gclann‐mhac agus bhúr gclanninghean tarngaireacht, Agus chífidh bhúr n‐ógánaigh aislingí, Agus béidh taidhbhridhthe ag bhúr seanóiribh:

18 Agus ar mo bhuachaillibh agus ar mo chailínibh, ins na laethibh sin Doirtfead dem’ Spiorad; agus do‐ghéanaidh siad tarngaireacht.

19 Agus taisbeánfad iongantaisí san spéir thuas, Agus míorbhailtí ar an talamh thíos; Fuil, agus teine, agus gal deataigh:

20 Iompóchar an ghrian ’n‐a dorchacht, Agus an ghealach ’n‐a fuil, Roimh theacht do ló an Tighearna, An lá mór iomráidhteach:

21 Agus is amhlaidh bhéas, cibé duine ghlaodhfas ar ainm an Tighearna, slánóchar é.

22 A phobail Israel, éistidh leis na briathraibh seo: Íosa Nasardha, duine do mhol Dia dhaoibh leis na cumhachtaibh, agus leis na míorbhailtibh, agus leis na cómharthaibh, do‐rinne Dia tríd ’n‐bhúr measc, mar is eol daoibh féin;

23 tugadh suas é de réir cómhairle cinnte agus réimh‐eolais Dé, agus do chrochabhair‐se agus do mharbhabhar é le láimh cuirptheach:

24 acht d’aithbheodhuigh Dia é, tar a éis dó pianta an bháis do scaoileadh: óir níorbh fhéidir go gcongbhóchadh an bás é.

25 Óir is é adeir Dáibhi ’n‐a thaobh, Do chonnacas an Tighearna i gcómhnaidhe ar m’fhiadhnaise rómham; Óir atá sé ar mo dheis, chum nach gcorróchaidhe mé:

26 D’á bhrigh sin bhí áthas ar mo chroidhe, agus bhí luthgháir ar mo theangain; Agus thairis sin, do‐gheobhaidh m’fheoil suaimhneas i ndóchas;

27 De bhrigh nach bhfágfair m’anam san uaigh Agus nach leigfir dot’ Aon Naomhtha truailliú d’fheicsin.

28 Thugais eolas dom ar shlighthibh na beathadh; Líonfar mé de gháirdeachas led’ ghnúis.

29 A bhráithreacha, ní misde liom labhairt go dána libh i dtaobh an phaitriárcha Dáibhi, go bhfuil sé marbh, curtha, agus go bhfuil a thuama ’n‐ár measc go dtí an lá atá ann indiu.

30 Ó ba fáidh é, agus ó bhí a fhios aige gur dhearbhuigh Dia fá bhrigh na mionn, go gcuirfeadh sé duine d’á shliocht ’n‐a shuidhe ’n‐a ríogh‐chathaoir;

31 ba é aiséirghe Chríost go raibh sé ag trácht air, agus é g‐á rádh nár fágadh é ar shlighe na marbh, agus nach bhfaca a fheoil truailliú.

32 Ba é an t‐Íosa so do thóg Dia suas, agus is fiadhnaidhthe sinne uile air.

33 Ar n‐a árdú, mar sin, le láimh dheis Dé, fuair sé ó’n Athair an Spiorad Naomh do bhí geallta, agus do dhoirt sé amach é seo, atá le feicsin agus le clos agaibh.

34 Óir ní dheachaidh Dáibhi suas ar neamh: acht adeir sé féin, Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh‐se ar mo dheis,

35 Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fá do chosaibh.

36 Uime sin, bíodh a fhios go dearbhtha ag pobal Israel go bhfuil Tighearna agus Críost déanta ag Dia de’n Íosa so do chrochabhair‐se.

37 Nuair chualadar an méid sin, tháinig corruighe croidhe ortha, agus adubhradar le Peadar agus leis an gcuid eile de na h‐abstalaibh, A bhráithreacha, créad atá le déanamh againn?

38 Agus adubhairt Peadar leo, Déanaidh aithrighe, agus baistear gach duine agaibh i n‐ainm Íosa Críost chum maitheamhnais bhúr bpeacadh; agus do‐gheobhaidh sibh an Spiorad Naomh mar bhronntanas.

39 Óir is daoibh‐se agus do bhúr sliocht do‐rinneadh an gheallamhain, agus dóibh‐sean go léir atá i gcéin, an oiread sin díobh agus ghlaodhfas an Tighearna, ár nDia, chuige.

40 Agus do bhrostuigh agus do spreag sé iad le n‐a lán briathar eile, g‐á rádh, Coimhéadaidh sibh sibh féin saor ó’n droch‐gheinealach so.

41 Do baisteadh iad‐san do ghlac le n‐a bhriathar: agus do cuireadh leo an lá sin tuairim trí míle anam.

42 Agus do leanadar go seasamhach de theagasc na n‐abstal, agus de’n charadas bráthardha, de bhriseadh an aráin, agus de na h‐urnaighthibh.

43 Agus tháinig eagla ar gach duine: agus ba iomdha iongantas agus míorbhail do‐rinneadh tríd na h‐abstalaibh.

44 Agus gach ar chreid do bhídis i gcuideachtain a chéile, agus bhíodh gach nidh aca i gcoitchinne;

45 agus do dhíolaidís a sealbhachas agus a maoin, agus do roinnidís ar chách iad, de réir a riachtanais.

46 Agus d’fhanaidís gach lá d’aon toil san teampall, agus do bhrisidís arán ó thigh go thigh, ag caitheamh a mbidh le h‐áthas agus le simplidheacht croidhe,

47 ag moladh Dé, agus meas ag gach uile dhuine ortha. Agus do chuireadh an Tighearna leo gach lá iad‐san do bhí d’á slánú.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí