Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 2:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do nochtadh dhóibh mar bhéadh teangthacha teineadh scoilte ó chéile, do shuidh ar gach duine aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ann, agus iad á ndealú ó chéile agus ag tuirlingt ar an uile dhuine acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus taisbeánadh dóibh teangacha scoilte amhail de theinidh, agus shuidh ar gach aoinneach acu:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do taisbéanadh dhóibh teangtha sgoiltighe mar theine, noch do shuidh air gach áon dióbh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do taisbeánadh dóibh mar bheadh teangthacha teine agus iad deighilte, agus do shuidh sé ar gach duine acu,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu;

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 2:3
18 Tagairtí Cros  

Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige,


Agus d’fhreagair Íosa é, agus adubhairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuibhe gach dlighe do chóimhlíonadh. Agus do ghéill sé dhó an t‐am sin.


Agus adubhradar le chéile, Nach raibh ár gcroidheacha ar lasadh ionnainn nuair do bhí sé ag cainnt linn ar an mbóthar, agus é ag míniú brighe na scrioptúir dúinn?


Agus ins na laethibh sin d’éirigh Peadar i lár na mbráithreach, (do bhí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiche),


Créitigh agus Arábaigh, do‐chluinimíd iad ag labhairt ’n‐ár dteangthachaibh féin ar iongantaisibh móra Dé.


Agus tháinig go h‐obann torann ó neamh mar bhéadh cuaifeach gaoithe aintréine ann, agus do líon sé an teach ’n‐a rabhadar ’n‐a suidhe.


Agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do thionnscnadar labhairt as teangthachaibh éagsamhla, de réir mar thug an Spiorad dóibh labhairt.


do dhuine eile buaidh na míorbhal, do dhuine eile fáidheadóireacht, do dhuine eile buaidh na spiorad do bhreathnú; do dhuine eile teangthacha éagsamhla; do dhuine eile buaidh na dteangthach do mhíniú;


Agus is teine an teanga: domhan na h‐éagcóra atá suidhte i measc ár mball is eadh an teanga, ag salú an chuirp ar fad, agus ag cur cúrsa ár saoghail tré theinidh, agus í d’á lasadh féin ó ifreann.


Agus do‐bhéarfad de chead dom’ bheirt fhiadhnaidhe tarngaireacht do dhéanamh ar feadh míle, dhá chéad agus trí fichid lá, agus éadach róin mar chlúdach ortha.


Agus do chonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraidhe aige le n’fhógairt do lucht áitreabha na talmhan, agus do gach cineadh, agus treibh, agus teangain, agus pobal;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí