Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 2:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Pártaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus lucht cómhnuighthe Mhesopotámia, Iúdaéa agus Chapadócia, Phontuis agus Ásia,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Idir Phartaigh agus Mhédaigh agus Elamítigh agus lucht áitrithe Mhesopotamia, agus daoine as Iúdaea agus Cappadócia, Pontas agus an Áise,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Pairtigh, agus Méidigh, Elamítigh, agus muinntir na Meash-potáime, Iudaia, Na Capadóige, an Phontuis, agus na h-Aisia,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Pártaigh agus Méidigh agus Elamítigh, agus daoine chómhnuigheas i Mesópotámia, i nIúdaea agus i gCappadócia, i bPontus agus san Áise,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Parti, agus Médi, agus Elamíti, agus na dáoine áitigheas a Mesopotámia, agus a Níudéa, agus a Gcappadócia, a Bpontus, agus ann sa Násia,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Táimid Pairtiaigh ann agus Méidigh agus Éalámaigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóice, agus Phontas agus na hÁise,

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 2:9
34 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhíodar ag gabháil tré chrích Phrigia agus Ghalatia do chosg an Spioraid Naomh iad ar bhriathar Dé do labhairt i n-Asia.


Agus fuair sé sa n-áit sin Iúdach n-ar bh’ainim dó Acuila, fear a rugadh i bPontus agus a bhí tar éis teacht go déanach ó’n Eadáil, agus Priscilla, á bhean (do dheasgaibh a bheith órduighthe ag Claudius do sna Iúdaígh go léir imtheacht ó’n Róimh), agus chuaidh sé ag triall ortha.


Do lean san mar sin ar feadh dá bhlian, i dtreó gur airigh gach a raibh i n-Ásia, idir Iúdach agus Geinteach, briathar an Tighearna.


Is baoghal go dtabharfaidh san droch-ainim d’ár slighe bheatha, agus ná fágfaidh sé aon mheas an theampull mhór Dhiána, agus ní h-amháin sin ach go dtusnóchaidh a mórdhacht ar dhul ar neamhnídh, bíodh go n-adhrann an Ásia go léir agus an domhan go léir í.


Ní leogfadh na deisgiobuil dó é. Agus bhí cuid d’uachtaránaibh na h-Ásia ann, cáirde dhó, agus chuireadar teachtaireacht chuige ’ghá iarraidh air gan dul isteach sa téátar.


Agus conus a thárla gur airigh gach duine againne a theanga dhúchais féin ionar tógadh é?


Óir do bhí Pól ceapaithe ar sheóladh thar Ephesus i dtreó ná curfí aon ríghneas air sa n-Ásia, mar bhí dithineas air chun, dá mb’ fhéidir dó é, lá na Cíngcíse thabhairt i n-Ierúsalem.


Thánadar, agus nuair á bhíodar ’n-a láthair dubhairt sé leó: Is eól daoibhse conus mar atá an aimsir go léir tabhartha agam i nbhúr bhfochair ó’n gcéad lá a thánag isteach sa n-Ásia,


Agus chuaidh i n-aonfheacht leis Sópatér Mac Phirruis, ó Bheréa; agus Aristarchus agus Secundus Tessalónais; agus Gaius ó Dherbhé, agus Tímoteus; agus Tuchicus agus Trophimus, beirt Ásiánach.


Ach bhí Iúdaígh ó’n Ásia ann agus nuair a bhí na seácht laethanta dhá gcríochnú chonnacadar sa teampull é agus do ghríosadar an pobul go léir agus chuireadar a lámha. air agus do liúghdar:


Sa n-obair sin iseadh do fuaradar me am ghlanadh sa teampull, agus ní le sluagh ná le collóid,


Agus chuamair ar bórd luinge Adrumétíge, chun go seólfaimís fan chiumhais trágha na h-Ásia, agus thógamair ár seólta. Agus d’fhán i n-ár bhfochair Aristarcus an Macedonach, ó Tessaloníca.


Ansan d’eirigh daoine áirithe as an sinagóig an a dtugtar sinagóg na libertíneach agus na gCurénéach agus na n-Alecsandríneach agus na ndaoine a tháinig ó Chilicla agus ó Ásia, agus bhíodar ag aragóint le Stiophan.


Dubhairt seisean: A feara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh liom! Do thaisbeáin Dia na glóire é féin d’ár n-athair Ábraham nuair a bhí sé i Mesopotámia sar ar chómhnuigh sé i gCaran,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí