Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL X. Cornélius d’á ghlachadh isteach sa n-Eaglais. Aisling Pheadair.

1 Ach bhí i gCaesaréa fear n-ar bh’ainim dó Cornélius, taoiseach céad ar an mbuidhin airm ar a dtugtar an Eadáileach,

2 Fear diadha n-a raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach, do thugadh mórán déarca uaidh do sna daoine, agus a bhíodh ag guidhe Dé coitchianta.

3 Do chonnaic an fear san, i n-aisling, go soiléir, tuairim an naomhadh tráth sa lá, aingeal ó Dhia ag teacht chuige isteach, agus dubhairt an t-aingeal leis: A Chornélius!

4 Agus dubhairt seisean, agus é ag féachainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thighearna? Agus dubhairt sé leis: Taid t’úrnuighthe agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé.

5 Agus anois cuir fir go Ioppé agus glaoidh chughat Símón, ar a dtugtar Peadar.

6 Tá sé ar lóisdín i dtigh Shímóin, fear leasuighthe leathair, n-a bhfuil a thigh ar bruach na faraige; neósfaidh sé sin duit cad ’tá le déanamh agat.

7 Agus nuair a d’imthigh an t-aingeal, a bhí ag cainnt leis, do ghlaoidh sé chuige beirt d’á theaghlach féin agus fear airm n-a raibh eagla an Tighearna air, daoine a bhí úmhal dó.

8 Agus d’innis sé dhóibh gach nídh agus chuir sé go Ioppé iad.

9 Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharach, tuairim an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n-uachtar an tighe chun úrnuighthe dhéanamh.

10 Ansan tháinig ocras air agus ba mhian leis bia do chaitheam. Agus an fhaid a bhíodar ag ollmhú an bhídh dó tháinig támhnéal air.

11 Chonnaic sé na flathais ar osgailt agus árthach, mar a bhéadh bairlín ana-mhór agus í d’á leigint anuas, le n-a cheithre cúinníbh, as na flathais chun an tailimh.

12 Agus bhí uirthi an uile shaghas ainmhighthe cheithre gcos, agus piastaí, agus éanlaithe an aéir.

13 Agus do labhair guth leis: Eirigh, a Pheadair, agus mairbh agus ith!

14 Ach dubhairt Peadar: Nár leigidh Dia go ndéanfainn san, a Thighearna, óir níor itheas riamh bia coitchian ná bia neamhghlan.

15 Agus do labhair an guth airís leis: An nídh a ghlan Dia ná tabhairse coitchian air!

16 Do deineadh san trí h-uaire as a chéile agus ansan do tógadh an t-árthach thar n-air isteach ins na flathais.

17 Agus an fhaid a bhí Peadar ’ghá bhreithniú i n’ aigne cad é an saghas an radharc san a chonnaic sé, féach, bhí na fir a chuir Cornélius uaidh ’n-a seasamh ag an ndorus, ’ghá fhiafraighe cá raibh thigh Shímóin.

18 Agus do ghlaodhadar agus d’fhiafraighdar an raibh Símón ar a dtugtar Peadar, ar lóistín sa tigh.

19 Bhí Peadar, ámhthach, ag cuímhneamh ar an aisling agus dubhairt an Spioraid leis: Féach, tá triúr fear ad’ lorg.

20 Eirigh, dá bhrígh sin, agus imthigh síos agus gluais leó, óir is mise chuir chúghat iad.

21 D’imthigh Peadar síos chun na bhfear agus dubhairt sé: Féach, is mise atá uaibh: Cad chuige go dtánabhair?

22 Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach céad, fear atá fíoraonta úmhal do Dhia agus go bhfuil meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naomhtha ’ghá rádh leis fios a chur ortsa chun a thíghe agus éisteacht le cainnt uait.

23 Do rugh sé isteach iad ansan i gcóir na h-oidhche. Agus d’eirigh sé amáireach a bhí chúghainn agus ghluais sé i n-aonfheacht leó, agus chuaidh raint de sna bráithnibh ó Ioppé le n-a chois.

24 Chuaidh sé isteach i gCaesaréa an lá ’n-a dhiaidh san, agus bhi Cornélius ag feitheamh leó agus a ghaolta agus a cháirde cruinnighthe aige.

25 Asus do thárla nuair a tháinig sé isteach go dtáinig Cornélius ’n-a choinnibh agus gur shléacht sé agá chosaibh ghá onórú.

26 Ach do thóg Peadar suas é agus dubhairt sé: Éirigh! Duine iseadh mise féin, leis.

27 Agus tháinig sé isteach sa tigh agus é ag cainnt leis, agus fuair sé an mhórchuid daoine cruinnighthe istigh,

28 Agus dubhairt sé leó: is eól daoibhse conus mar is urghráin d’fhear Iúdach baint ná comhluadar a dhéanamh le cine iasachta, ac do thaisbeáin Dia dhómhsa gan coitchian ná neamhghlan a thabhairt ar aon duine.

29 Dá bhrígh sin, chómh luath agus a cuireadh sios orm thánag gan stad. Fiafraighim, uime sin, cad chuige gur chuiregbhair fios orm?

30 Agus dubhairt Cornélius: Cheithre lá ó shin, go dtí an uair seo, bhíos am thigh um an naomhadh tráth agus me ag guidhe, agus féach, do sheasaimh fear ar m’aghaidh amach agus éadach geal air agus dubhairt sé:

31 A Chornélius, tá éistithe le d’ ghuidhe agus tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé.

32 Cuir fios go Ioppé, dá bhrígh sin, an Shímón ar a dtugtar Peadar: tá sé an lóisdín i dtigh Shímóin, an fear leasuighthe leathair, i n-aice na faraige.

33 Ansan do chuireas fios ortsa láithreach agus is maith an teacht agatsa é. Agus táimíd go léir anso anois ad láthair chun éisteacht le gach uile níd a dh’órduigh Dia dhuit.

34 Ansan d’osgail Peadar a bhéal agus dubhairt sé: Is léir dom le fírinne ná féachann Dia do pheansain seachas pearsa,

35 Ach go bhféachann sé do’n t-é sin, ins gach cine, ’na mbhíonn a eagla air agus a dheineann fíoraontacht.

36 Do chuir Dia an briathar chun clainne Israéil, ag fógairt síothchána tré Íosa Críost, (siné is Tighearna ar gach uile nídh):

37 Is eól daoibhse an focal a labhradh ar fuid Iúdaéa go léir, óir do thusnuigh sé ó Ghaililí tar éis an bhaiste a chraobhsgaoil Eóin:

38 Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.

39 Agus is fínnithe sinne ar gach nídh dár dhein sé i gcrích na nIúdach agus i n-Ierúsalem, gur cuireadh chun bháis é ’dhá chrochadh ar an gcrann.

40 Agus do thóg Dia ó’n mbás é an treas lá agus thug sé le feisgint é,

41 Ní do’n phobul go léir, ach d’fhínnithibh a bhí ceapaithe ag Dia roim ré: dúinne, a chaith bia agus deoch n’fhochair tar éis éirighthe dhó ós na mairbh.

42 Agus d’órduigh sé dhúinn craobhsgaoile dhéanamh do sna daoine, agus fiaidhnaise dhéanamh air gur b’é féin atá ceapaithe ag Dia chun bheith ’n-a bhreitheamh ar bheoibh agus ar mharbhaibh.

43 Is air seo a dheinid na fáidhe go léir fiadhnaise, gur i n’ainimsean atá maitheamhnachus peacaí le fághail ag gach aoinne a chreideann ann.

44 An fhaid a bhí Peadar ag rádh na cainnthe sin do thúirling an Spioraid Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar.

45 Agus lucht an tímpallghearrtha a tháinig i n-aonfheacht le Peadar, bhí uathbhás ortha a rádh gur tháinig grásta an Spioraid Naoimh ar na geintibh.

46 Mar bhíodar ag éisteacht leó ag labhairt na dteangthacha agus ag móradh Dé.

47 Ansan d’fhreagair Peadar: An féidir d’aoinne an t-uisge chimeád uainn san a mbaistfí na daoine seo atá tar éis an Spioraid Naoímh a ghlacadh chómh maith linn féin?

48 Agus d’órduigh sé iad do bhaiste i n-ainim an Tighearna Íosa Críost. Ansan d’iarradar air fanmhaint ’n-a bhfochair raint laethanta.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí