Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 10:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Do chonnaic an fear san, i n-aisling, go soiléir, tuairim an naomhadh tráth sa lá, aingeal ó Dhia ag teacht chuige isteach, agus dubhairt an t-aingeal leis: A Chornélius!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus chonaic sé go soiléir in aisling, i dtrátha an naoú huair den lá, an t‑aingeal ó Dhia a tháinig isteach chuige agus a dúirt leis, “A Chornélius.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Tuairim ar an naomhadh h-uair de’n lá, chonnaic sé seo go soiléir i bhfís aingeal le Dia ag teacht isteach chuige, agus ag rádh leis: A Chornéliuis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Do taidhbhrigheadh dhó go soiléir, tuairim na naomhadh h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teacht chuige isteach, g‐á rádh leis, A Chornéliuis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Do chonnairc sé go soilléir a dtáibhse a dtimcheall a náomhadh húair don ló aingeal Dé ag teachd a steach chuige, agus ag rádh ris, A Chornéliuis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.”

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 10:3
23 Tagairtí Cros  

Agus tímpal an naomhadh h-uair do labhair Íosa do ghuth ana árd, agus dubhairt sé: Élí, Élí, lamá sabactání? ’sé sin, A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé?


Agus do taisbeánadh do aingeal an Tighearna ’n-a sheasamh ar dheis altórach na túise.


Agus láithreach do bhí i bhfochair an aingil mór-shluagh na bhflathas agus iad ag moladh Dé, agus deiridís:


Agus an fhaid a bhí Peadar ’ghá bhreithniú i n’ aigne cad é an saghas an radharc san a chonnaic sé, féach, bhí na fir a chuir Cornélius uaidh ’n-a seasamh ag an ndorus, ’ghá fhiafraighe cá raibh thigh Shímóin.


Bhí Peadar, ámhthach, ag cuímhneamh ar an aisling agus dubhairt an Spioraid leis: Féach, tá triúr fear ad’ lorg.


Agus dubhairt Cornélius: Cheithre lá ó shin, go dtí an uair seo, bhíos am thigh um an naomhadh tráth agus me ag guidhe, agus féach, do sheasaimh fear ar m’aghaidh amach agus éadach geal air agus dubhairt sé:


Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharach, tuairim an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n-uachtar an tighe chun úrnuighthe dhéanamh.


Ansan d’innis seisean dúinn conus mar a chonnaic sé, ’n-a thigh féin, aingeal ’n-a sheasamh, agus go ndubhairt an t-aingeal leis: Cuir fios go Ioppé ar Shímón ar a dtugtar Peadar,


Óir do sheasaimh taoibh liom anocht aingeal Dé, n-ar leis mise agus dá ndeinim seirbhís, Agus dubhairt sé:


Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul chun úrnuighthe an naomhadh tráth.


Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n-oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé:


Agus bhí i nDamascus duine de dheisgiobulaibh an Tighearna agus Ananías ab ainim dó, agus dubhairt an Tighearna leis, i n-aising: A Ananíais! Agus dubhairt seisean: Táim anso, A Thighearna!


Agus thuit sé chun tailimh agus d’airigh sé an guth ghá rádh leis: A Shaul, a Shaul, cad chuige go bhfuilir am ghéarleanmhaint?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí