Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 3:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ba í an cúigiú bliain déag í de ríocht Thiberius Caesar agus bhí Pointias Píoláid ina uachtarán os cionn Iúdaea; agus Iorua ina theitrearch i nGalailí, agus a dheartháir Pilib ina theitrearch i gceantar Ituraía agus Traconítis, agus Lisánías ina theitrearch in Abiléne,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus san cúigeadh bliadhain déag d’impireacht Thibériuis Caesar, nuair a bhí Point Pioláit ina uachtarán ar Iudaia, Ioruadh ina theatrarc ar an Ghailile, agus Pilip, a dhearbhráthair, ina theatrarc ar Iturea agus ar chríocha Thrathonítis, Lusanias ina theatrarc ar an Aibiléin,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus sa gcúigeadh bliadhain déag de réimeas Thiberius Céasar, an tráth ’n‐a raibh Point Píoláid ’n‐a cheannphort ar lúdaea, agus Ioruath ’n‐a thetrarcha ar an nGaililé, agus Pilib a dhearbhráthair ’n‐a thetrarcha ar Itúraea agus ar Thrachónítis, agus Lusanias ’n‐a thetrarcha ar Abiléne,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an-cuigeadh bliadhan déug dimpireachid Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius Phioláid na úachdarán a ttir Iúdáighe, agus Ioruáith na théatrarc sa Ngalilé, agus Philip a dhearbhrathair na théatrarc air Ituréa agus air chrích Thrachonítis, agus Lísánias na thetrarch air Abiléne,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Caesar, nuair a bhí Pointias Píoláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Thrachóiníteas, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,

Féach an chaibidil



Lúcás 3:1
19 Tagairtí Cros  

Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa.


Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.


Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród.


Innis dúinn, d’á bhrígh sin, cad is dóigh leat? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol?


Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir.


Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige.


Agus nuair a tháinig lá oireamhnach chuige dhein Héród féasta lae a bheirthe do phriúnsaíbh agus do thaoiseachaibh agus d’uaislibh Ghaililí,


An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha.


Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir.


Agus thug Pílát mar bhreith an nídh a bhí uatha do dhéanamh.


Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród,


Agus d’airigh Héród, an tetrarc, gach nídh a bhí aige ’á dhéanamh, agus bhí sé ar mearbhall, mar deireadh daoine,


Agus do sgríbh sé litir agus dubhairt sé inti: “Claudius Lusias chun an ghobhernóra ró-uasail, Féilics, sláinte.


Ach d’imthig dhá bhlain, agus tháinig Portius Féstus i n-inead Fhéilics. Agus mar shásamh ar na Iúdaígh d’fhág Féilics Pól sa phríosún.


Ansan d’eirigh an rí agus an gobhernóir agus Bernícé agus a raibh ’n-a suidhe ’n-a bhfochair.


Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar an chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,