Gníomhartha 24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXIV. Pól ’ghá chosaint féin i láthair Féilics, an Gobhernóir. An creideamh dá mhúineadh aige dhó. 1 Ansan, i gcionn chúig lá, tháinig uachtarán na sagart, Ananías, anuas agur cuid de sna seanóiríbh, agur cainnteóir dár bh’ainim Tertullus, agus chuadar i láthair an ghobhernóra i gcoinnibh Phóil. 2-3 Do glaodhadh Pól agur chrom Tertullus ar é dhaoradh: Admhuighmíd i gcómhnuíghe agus ins gach ball, Agus le buidhchas mór, a Fhéilics oirdheirc, méid na síothchána atá againn de d’bharr-sa agus liacht na neith atá d’á seóladh ar leas tréd’ mhórchiall. 4 Ach, ionus ná cuirfinn a thuille ríghnis ort, iarraim ort éisteacht, de d’ceannsacht, le beagán focal uainn. 5 Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanamh toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an domhain agus ’n-a cheann ar an aicme annrianta san, na Nasarénach. 6 Do mheas sé an teampall do shárú agus do rugamair air agus cheapamair breith a thabhairt air do réir án ndlighe. 7 Ach tháinig Lusias, an tribiún, agus neart slógh aige agus bhain sé as ár lámhaibh é. 8 Agus d’órduigh sé an mhuinntir a bhí ag cur ’n-a leith do theacht ad’ láthair-se, agus féadfair féin a dh’fhághail uaidh, ad bhreitheamh, eólus ar na neithibh seo go léir atá againne á chur n-a leith. 9 Ansan d’aontuigh na Iúdaígh mar an gcéadna agus dubhradar go raibh san amhlaidh. 10 Ansan d’fhreagair Pól, (óir do bhagair an Gobhernóir chuige labhairt): Ó ’s eól dom go bhfuilir-se ad bhreitheamh ar an náisiún so le fada ’bhliantaibh is móide sin is fonn liom sásamh a thabhairt am thaobh féin. 11 Is féidir duit a dh’fhághail amach ná fuil ach dhá lá dhéag ó chuas go Ierúsalem chun adhartha dhéanamh, 12 Agus ní bhfuaradar me ag aighneas le h-aoinne sa teampull, ’ná ag cruinniú na ndaoine, ins na sinagógaibh, Ná ar fuid na catharach; 13 agus ni’l ar a gcumas a thaisbeáint duit-se gur fíor na neithe atá acu ’a chur am leith. 14 Admhuíghim an méid seo dhuit, ámhthach, i dtaobh ná slíghe seo ar a dtugaid siad eiriceacht, sin mar a dheinimse seirbís do’n Athair agus do m’Dhia, óir creidim gach uile níd atá sgríobhtha sa dlighe agus in sna fáidhibh, 15 Go bhfuil mo mhainighin agam as Dia, fé mar atá acu so féin, go dtiocfaidh aiseirighe na ndeagh-daoine agus na ndroch-dhaoine. 16 Táim féin ag déanamh mo dhíchill air seo, mo choínsias a chimeád glan i gcómhnuighe chun Dé agus chun daoine. 17 Do thánag tar éis mórán blian chun déarca dhéanamh ar mo dhaoine féin agus chun ofrá-lach a dhéanamh agus chun móid a chómhlíonadh. 18 Sa n-obair sin iseadh do fuaradar me am ghlanadh sa teampull, agus ní le sluagh ná le collóid, 19 Ach rainnt Iúdach ó Ásia, — agus bhí sé ceart iad san a thabhairt anso ad láthair agus leogaint dóibh neithe chur am leith má bhí aon rud am choinnibh acu. 20 Nú abraidís seo féin é, má fuaradar aon chionntacht ionam nuair a bhíos am sheasamh i láthair na cómhairle, 21 Ach an t-aon fhocal amháin úd a labhras amach agus me am sheasamh eatartha: Is i dtaobh aiseirighe na marbh atá breith agaibhse ’á thabhairt ormsa indiu. 22 Ansan do chuir Féilics ar cáirde iad, óir do thuig sé go cnuinn i dtaobh na slighe sin agus dubhairt sé: Nuair a thiocfaidh Lusias, an tribiún, anuas éistfead libh. 23 Agus d’órduigh sé do’n taoiseach céad eisean do chimeád agus suaimhneas a thabhairt dó agus gan aoinne d’á muinntir a chosg ar fhrithálamh a déanamh air. 24 Ansan, tar éis suim laethanta, tháinig Féilics agus a bhean, Drúsilla, — Iúdach abh eadh í, — agus ghlaoidh sé chuige Pól agus d’éist sé le tuairisg uaidh ar an gcreideamh atá i n-Íosa Críost. 25 Agus bhí sé ag léiriú dhó ar cheart agus ar gheanmnaidheacht, agus ar an mbhreitheamhantas atá le teacht, agus tháinig critheagla ar Fhéilics agus dubhairt sé: Imthigh anois, ach nuair a bheid caoi agam cuirfead fios ort. 26 Sa n-am gcéadna bhí sé ag brath air gho dtabharfadh Pól rainnt airgid dó, agus uime sin chuir sé fios go minic air agus dhein sé cainnt leis. 27 Ach d’imthig dhá bhlain, agus tháinig Portius Féstus i n-inead Fhéilics. Agus mar shásamh ar na Iúdaígh d’fhág Féilics Pól sa phríosún. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society