Lúcás 3 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012Eoin Baiste ag Fógairt Aithrí 1 Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Caesar, nuair a bhí Pointias Píoláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Thrachóiníteas, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, 2 faoi ard-sagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zacairiá sa bhfhásach. 3 Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na hIordáine ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh, 4 mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin. 5 Líonfar gach cumar, agus ísleofar gach sliabh agus cnocán; déanfar na camshlite díreach agus na bóithre anacra réidh, 6 agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’” 7 Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht? 8 Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil dʼAbrahám as na clocha seo. 9 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.” 10 Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?” 11 Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.” 12 Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?” 13 Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.” 14 Dʼfhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.” 15 Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mbʼfhéidir gurbh é an Críost é, 16 dʼfhreagair Eoin dá rá leo uile: “Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. 17 Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.” Eoin Baiste dá Chur i bPríosún 18 Agus trína lán nithe eile fós a rá leo dá spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal. 19 Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na droch-bhearta uile a bhí déanta aige, 20 chuir sé an drochbheart seo i gceann an iomláin: Eoin a chur faoi ghlas i bpríosún. 21 Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, 22 agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.” 23 Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac–mar a síleadh–do Iósaef mac Héilí, 24 mhic Mhatat, mhic Léiví, mhic Mheilchí, mhic Iannáí, mhic Iósaef, 25 mhic Mhataitias, mhic Ámós, mhic Nahúm, mhic Easlaí, mhic Nagáí, 26 mhic Mhát, mhic Mhataitias, mhic Sheiméín, mhic Iósaech, mhic Ióda, 27 mhic Réasa, mhic Zarabáibil, mhic Shéailtiéil, mhic Néirí, 28 mhic Mheilchí, mhic Aidí, mhic Chósam, mhic Ealmádam, mhic Éar, 29 mhic Iósua, mhic Eiliasar, mhic Ióirím, mhic Mhatat, mhic Léiví, 30 mhic Shimeon, mhic Iúdá, mhic Iósaef, mhic Iónam, mhic Eiliáicím, 31 mhic Mheilé, mhic Mheanná, mhic Mhatata, mhic Nátán, mhic Dháiví 32 mhic Ieise, mhic Óbaed, mhic Bhóaz, mhic Shalá, mhic Náiseon, 33 mhic Aimineadab, mhic Aidmin, mhic Arnáí, mhic Heasrón, mhic Pheiris, mhic Iúdá, 34 mhic Iacób, mhic Íosác, mhic Abrahám, mhic Thearach, mhic Náchór, 35 mhic Shearúg, mhic Réú, mhic Pheilig, mhic Éibear, mhic Shéala, 36 mhic Cháineam, mhic Arfacsad, mhic Shéam, mhic Naoi, mhic Laimeich, 37 mhic Mhatúsalach, mhic Eineoc, mhic Iaireid, mhic Mhahalalael, mhic Cháineam, 38 mhic Eanós, mhic Shéat, mhic Ádhaimh, mhic Dé. |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.