Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL IV. Gabháil Pheadair agus Eóin. A seasamhacht. An Eaglais dá méadú.

1 Agus an fhaid a bhíodar ag cainnt leis na daoine tháinig na sagairt agus oificeach an teampuil agus na Sadduicínigh,

2 Agus doilghíos ortha toisg iad a bheith ag teagasg an phobhuil agus ag craobhsgaoile na h-aiseiríghe ó sna mairbh i n-Íosa.

3 Agus chuireadar a lámha ortha agus chuireadar i bpríosún iad go maidin lár n-a mháiréach, óir bhí sé n-a thráthnóna an uair sin.

4 Ach do chreid a lán de sna daoine a bhí ag éisteacht leis an gcainnt agus b’é uimir na bhfear ná chúig mhíle.

5 Agus do thárla ar maidin lár n-a mháireach gur chruinnigh a n-uachtaráin agus a seanóirí agus a sgribhneóirí i n-Ierúsalem,

6 Agus Annas an t-árdshagart, agus Caiphas, agus Eóin, agus Alecsandar, agus gach ar bhain le treibh na sagart.

7 Agus chuireadar iad-san i láthair agus cheistighdar iad: Cad í an chómacht nú an ainim le n-ar dheineabhairse an nídh seo?

8 Ansan do líonadh Peadas leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo: A uachtarána an phobhuil agus a sheanóirí, éistidh liom:

9 Ó táimídne indiu d’ár gceistiú i dtaobh, na maitheasa a deineadh do’n mhairtíneach so, conus do leighseadh é,

10 Bíod ’fhios agaibh go léir, agus ag pobul Israéil go léir, gur i n-ainim ár dTighearna Íosa Críost ó Nasaret, an t-é a chuireabhairse chun bháis, agus a thóg Dia ó sna mairbh, gur i n’ainim sin atá an duine sin ’n-a sheasamh os bhúr gcómhair ’n-a shláinte.

11 Is í seo an chloch úd a fuair diúltadh uaibhre, sa tsaoirseacht, agus gun deineadh cloch chínn chúinne dhi, Agus ní’l slánú i n-aoinne eile.

12 Óir níor tugad do dhaoine ainim eile fá neamh le ’na gcaithfar sinn a shábháil.

13 Ansan, nuair a chonnacadar Peadar agus Eóin agus iad chómh seasamhach, agus nuair a fuaradar gur dhaoine iad a bhí gan tabhairt suas, gan foghluim, bhí iongna ortha; agus d’aithníghdar iad, go mbídís i bhfochair Íosa;

14 agus nuair a chonnacadar, ’na sheasamh ’n-a n-aice an fear a leighseadh, ní raibh focal le rádh acu ’n-a gcoinnibh.

15 Dubhradar leó dul amach, lasmuigh de’n chómhairle, agus dheineadar cainnt eatartha féin, Agus dubhradar:

16 Cad a dhéanfam leis na daoine seo? Tá mírbhúilt shoiléir déanta tríotha, agus a fhios agá bhfuil de dhaoine i n-Ierúsalem, agus ní féidir dúinn é shéanadh.

17 Ach i dtreó ná leathfadh sé níos mó ameasg na ndaoine bhagraimís pionós ortha má labhraid siad a thuille le h-aon duine ar an ainim sin.

18 Do ghlaodhadar chúcha iad agus thugadar foláramh dóibh gan cainnt ’ná teagasg a dhéanamh i n-aon chor i n-aimm Íosa.

19 Ansan do freagair Peadar agus Eóin agus dubhradar: Breithnighidh féin cia’cu is ceart i láthair Dé, rud a dhéanamh, oraibhre ’nú rud a déanamh ar Dhia:

20 Óir ní féidir dúinn gan an nídh a chonnacamair agus a chloiseamair a dh’innsint.

21 Ach do bhagradar-san pionós ortha agus chuireadar chun siubhail iad, óir ní raibh fhios acu conus a déanfaidís díoltas ortha, mar gheall ar na daoine, mar bhí na daoine go léir ag molad an ruda a thárla, sa méid a deineadh.

22 Mar, an duine gur deineadh an mhírbhúilt sláinte sin dó, bhí sé os cionn dachad bhlian.

23 Agus nuair a cuireadh chun siubhail iad thánadar chun a ndaoine féin agus d’innseadar dóibh gach a ndubhairt uachtaráin na sagart agus na seanóirí leó.

24 Agus nuair a chloiseadar-san d’árduighdar a nguth chun Dé agus dubhradar: A Thighearna, is tú a dhein neamh agus talamh agus muir agus gach nídh d’á bhfuil ionta,

25 Is tú a dubhairt, sa Spioraid Naomh, tré bhéal ár n-athar do sheirbhísigh Dáibhid: “Cad fá an fhearg mhór ar na geintibh agus na pobuil ag beartú neithe baoithe?

26 Ríghthe an domhain ag cur cos i dtalamh agus na priúnsaí ag teacht i gceann a chéile i n-aghaidh an Tighearna agus i n-aghaidh a Chriost?”

27 Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar an chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,

28 Agus dheineadar an nídh a cinneadh ó d’láimh agus ó d’chómhairle féin a dhéanamh.

29 Agus anois, a Thighearna, féach ar an mbagairt seo acu ’á dhéanamh, agus tabhair do d’sheirbhísigh do bhriathar a labhairt go seasamhach,

30 Le d’láimh a shíne amach ag déanamh leigheas agus mírbhúiltí agus iongnaí tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.

31 Agus nuair a bhí an ghuídhe déanta acu do chrith an áit ’na rabhdar cruinnighthe agus do líonadh leis an Spioraid Naomh iad go léir agus do labhradar briathar Dé le seasamhacht aigne.

32 Agus bhí ag an sluagh a chreid, aon chroidhe amháin agus aon aigne amháin, agus ní deireadh aoinne go mba leis féin aon nídh a bhíodh ’n-a sheilbh ach bhí gach nídh cómhchoitchian acu.

33 Agus dhein na h-Aspoil fiadhnaise ar aiseiríghe Chriost, ár dTighearna, le cómhacht mhór, agus bhí grásta mór ortha go léir,

34 Agus ní raibh aoinne ortha a bhí i ngátar. Mar, an mhuinntir ’n-a raibh talamh nú tighthe acu, do dhíolaidís iad agus thugaidís isteach an méid a gheibhdis ortha,

35 Agus chuiridís ag cosaibh na Aspol é. Agus ansan do rainntí é fé mar a bhíodh gádh ag gach duine leis.

36 Agus Ióseph, an t-é ar a dtugadh na h-Aspuil Barnabas, (focal a míníghthar i gcéill Mac Sóláis,) Lebhíteach a rughad i gCuprus,

37 Bhí talamh aige agus dhíol sé an talamh agus thug sé leis an luach agus chuir sé ag cosaibh na n-Aspol é.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí