Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 4:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus chuireadar iad-san i láthair agus cheistighdar iad: Cad í an chómacht nú an ainim le n-ar dheineabhairse an nídh seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Chuir siad iad amach ansin ina seasamh i lár an tslua, agus dʼfhiafraigh siad díobh, “Cad í an chumhacht nó cad é an t‑ainm a ndearna sibh sin tríothu?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus ghá gcur i lár báire dóibh, d’fhiafruigh siad: Cad é an t-ughdarás, agus cad é an t-ainm tré n-a ndearna sibh-se seo?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair do bhíodar curtha i lár baill aca, d’fhiafruigheadar, Créad é an t‐ughdarás nó an t‐ainm le n‐a ndearnabhar an nidh seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus an tan do chuireadar a lár íad, dfíafruigheadar, Créud é an túghdarrás, nó an tainm, as a ndearna sibhse a ní so?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t-ainm lena ndearna sibh an ní seo?”

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 4:7
12 Tagairtí Cros  

Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás?


Agus dubhradar leis: Cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo do dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás chun iad a dhéanamh?


Agus d’fhreagair na Iúdaigh agus dubhradar: Cad é an cómhartha a thaisbeánann tú dhúinn, fá a ndeineann tú na neithe seo?


Agus thug na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh leó bean gur rugadh uirthi i n-adhaltranas, agus chuireadar ’n-a seasamh i láthair í,


Nuair a dh’airigheadar an focal d’imthigheadar ’n-a nduine ’s ’n-a nduine, na seanóirí ar dtúis; agus do fágadh Íosa i n’ aonar agus an bhean ’n-a seasamh i láthair.


Bíod ’fhios agaibh go léir, agus ag pobul Israéil go léir, gur i n-ainim ár dTighearna Íosa Críost ó Nasaret, an t-é a chuireabhairse chun bháis, agus a thóg Dia ó sna mairbh, gur i n’ainim sin atá an duine sin ’n-a sheasamh os bhúr gcómhair ’n-a shláinte.


Agus Annas an t-árdshagart, agus Caiphas, agus Eóin, agus Alecsandar, agus gach ar bhain le treibh na sagart.


Ansan do líonadh Peadas leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo: A uachtarána an phobhuil agus a sheanóirí, éistidh liom:


Ansan do ghlaodhadar isteach na h-Aspoil agus do sgiúrsáladar iad agus dubhradar leó gan labhairt i n-aon chor i n-ainim Íosa. Ansan do chuireadar chun siubhail iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí