Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Ach nuair a bhíothas ag comóradh lá breithe Iorua, rinne iníon Heródias cúrsa damhsa os comhair na cuideachta, agus thaitin sí chomh mór sin le hlorua

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Nuair a tháinic cothrom an lae ina rugadh Ioruadh, rinne inghean Herodiaise damhsa ós a gcómhair, agus thaitin sí le h-Ioruadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Acht nuair tháinig lá beirthe Ioruaith, do‐rinne inghean Neródias damhsa, ’n‐a láthair, agus do thaithin sí le h‐Ioruath.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus an tan do bhí sóllamain an láoi ann a rughaidh Iorúaith dá dhéanamh, do rinne ínghean Heródias damhsa na fhíadhnuisi, agus do thaitin sí ré Hiorúaith:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe dá comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:6
21 Tagairtí Cros  

Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.


Mar gheall air sin do dhearbhuigh sé go dtabharfadh sé dhi pé rud d’iarrfadh sí air.


A Mháighistir, dubhairt Maois, Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir.


Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n-oibriú tríd.


Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige.


Agus bhí Heródias ag déanamh ceilge ’n-a choinnibh, a d’iarraidh é chur chun báis, agus ní raibh ag eirighe léi.


Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid.


An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha.


Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é.


Agus nuair a thuig sé gur le cómhacht Héróid a bhain sé, chuir sé ag triall ar Héród é, mar bhí Héród i n-Ierúsalem na laethanta san.


Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,


Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród,


Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.


Le linn na h-aimsire céadna do chuir Héród, an rí, á lámha chun uilc a dhéanamh ar chuid de mhuinntir na h-eagailse.


Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar an chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí