Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL III. Missiún Eóin agus a sheanmóiniú. Críost dá bhaisteadh aige.

1 Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,

2 I n aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach.

3 Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí,

4 Mar atá sgríobhtha i leabhar na bhfocal adubhairt Isáias fáidh: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Deinidh slígh an Tighearna d’ollamhú: Deinidh na bóithre do dhíriú dhó;

5 Líonfar gach gleann, agus ísleófar gach sliabh agus gach cnoc, agus beidh gach cam ’n-a dhíreach agus gach garbh ’n-a slígh réidh,

6 Agus chífidh gach feóil an slánú a dhéanfaidh Dia.

7 Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó’n ndíbhfeirg atá ag teacht?

8 Tugaidh uaibh, d’á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n’athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na clochaibh sin.

9 Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é.

10 Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad ’tá le déanamh againn má ’seadh?

11 Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: An t-é go bhfuil dhá chasóig aige tugadh sé do’n t-é ná fuil aige; agus an t-é go bhfuil bia aige deineadh sé mar an gcéadna.

12 Agus tháinig puibliocánaigh ag triall air go mbaistfí iad, agus dubhradar leis: A Mháighistir, cad tá le déanamh againn?

13 Agus dubhairt seisean leó: Ná deinidh níor mó ’ná mar atá ceapaithe dhaoibh le déanamh.

14 Agus do cheistigh saighdiúirí é, agus dubhradar: Cad tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leó: Ná deinidh lámhláidir ar aoinne, agus ná deinidh cúlchaint ar aoinne, agus bídhidh sásta le nbhúr dtuarasdal.

15 Agus bhí na daoine ag breithniú agus ag machtnamh ’n-a gcroidhe féin i dtaobh Eóin, go mb’fhéidir gur bh’é Críost é.

16 Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise ’ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.

17 Tá a ghaothrán ’n-a láimh aige agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n-a sgioból, agus dóghfaidh sé an cáth le teine nách féidir a mhúchadh.

18 Agus do chraobhsgaoil sé a lán neithe eile do sna daoine ’ghá gcómhairliú.

19 Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród,

20 Chuir sé an méid seo leó go léir, agus chuir sé Eóin i bpríosún.

21 Do thárla, ámhthach, nuair a bhí na daoine go léir dh’á mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur h-osgaladh an spéir,

22 Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.

23 Agus bhí Íosa féin ag dul ’n-a dheichmhadh bliain fichid nó mar sin, ’n-a mhac, dar le daoine, ag Ióseph, mac Hélí, mic Mathat,

24 mic Lebhí, mic Melchí, mic Ianna, mic Ióseph,

25 Mic Matatias, mic Amos, mic Nahúm, mic Heislí, mic Nagge,

26 Mic Mahat, mic Matatias, mic Semeí, mic Ióseph, mic Iúda.

27 Mic Ioanna, mic Résa, mic Sorobabel, mic Salatiel, mic Nérí,

28 Mic Melchí, mic Addí, mic Chósam, mic Elmadain, mic Héir,

29 Mic Iósé, mic Elieseir, mic Iórím, mic Mathat, mic Lebhí,

30 Mic Simeóin, mic Iúda, mic Ióseph, mic Iónain, mic Eliacim,

31 Mic Melea, mic Menna, mic Matata, mic Nátán, mic Dáibhid,

32 Mic Iessé, mic Óbéd, mic Boos, mic Salmóin, mic Naassóin,

33 Mic Aminadaibh, mic Áram, mic Esróin, mic Pháres, mic Iúda.

34 Mic Iacóib, mic Isaaic, mic Ábrahaim, mic Tárá, mic Nachór,

35 Mic Sarug, mic Ragau, mic Phaleg, mic Ebeir, mic Sale,

36 Mic Cainan, mic Arphacsad, mic Sém, mic Nóe, mic Lamech,

37 Mic Matúsala, mic Enóch, mic Iáred, mic Malaleél, mic Caïnán,

38 Mic Enós, mic Sét, mic Adam, mic Dé.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí