Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó’n ndíbhfeirg atá ag teacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Labhair sé mar sin an chaint seo leis na sluaite a chuaigh amach chuige go mbaisteadh sé iad, “A áil úd nathracha nimhe! Cé a thug de rabhadh daoibh teitheadh ón bhfearg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Ar an adhbhar sin dubhairt sé leis na sluaighte a chuaidh amach le baisteadh d’fhagháil uaidh: A shliocht naithreach nimhe, cé mhúin díbh-se teicheadh ó’n fheirg atá le theacht?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Adubhairt sé, d’á bhrigh sin, leis an sluagh do chuaidh amach chum go mbaistfeadh sé iad, A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair dhaoibh‐se teicheadh ó’n díbhfeirg atá le teacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:7
12 Tagairtí Cros  

A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is á líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal.


A aithreacha nimhe, a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se ó bhreith ifrinn?


Agus bhí sé ’ghá mbaiste sa n-Iórdan agus iad ag déanamh faoísdine i n-a bpeacaíbh.


Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é.


Agus dubhairt sé: Ó a fhir atá lán de gach feall agus de gach éitheach, a mhic an diabhail a namhaid gach cirt, ná stadfair de shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí