Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Adubhairt sé, d’á bhrigh sin, leis an sluagh do chuaidh amach chum go mbaistfeadh sé iad, A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair dhaoibh‐se teicheadh ó’n díbhfeirg atá le teacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Labhair sé mar sin an chaint seo leis na sluaite a chuaigh amach chuige go mbaisteadh sé iad, “A áil úd nathracha nimhe! Cé a thug de rabhadh daoibh teitheadh ón bhfearg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Ar an adhbhar sin dubhairt sé leis na sluaighte a chuaidh amach le baisteadh d’fhagháil uaidh: A shliocht naithreach nimhe, cé mhúin díbh-se teicheadh ó’n fheirg atá le theacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó’n ndíbhfeirg atá ag teacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:7
12 Tagairtí Cros  

A shliocht na nathrach nimhe, cionnas is féidir libh‐se deagh‐neithe do labhairt, agus sibh go h‐olc? óir is as líonmhaireacht an chroidhe labhras an béal.


A phiasta, a shliocht na nathrach nimhe, cionnas éalóchas sibh ó dhaor‐bhreith ifrinn?


agus do bhaist sé i nIórnán iad, agus iad ag admháil a bpeacadh.


Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é.


adubhairt sé, A dhuine atá lan de gach ceilg agus de gach feall, a mhic an diabhail, a námhaid gach cirt, nach staonfaidh tú ó shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn?


agus chum bheith ag feitheamh le teacht a Mhic ó neamh, an té do thóg sé ó na marbhaibh, Íosa fhuasclas ó’n díbheirg atá le teacht sinn.


ionnas tré dhá nidh bhuain‐tseas‐mhacha, nach féidir go ndéanfadh Dia bréag ionnta, go mbéadh árd‐mheisneach againne do theich ar scáth dídeana chum breithe ar an dóchas atá curtha rómhainn;


an té do‐ghní peacadh, is duine de chlainn an diabhail é; óir atá an diabhal ag déanamh peacaidh ó thús. Chuige seo is eadh do foillsigheadh Mac Dé, chum go gcuirfeadh sé deireadh le h‐oibreachaibh an diabhail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí