Lúcás 3:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)8 Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)8 Tugaigí na torthaí is dual don aithrí, agus ná tosaígí ar a rá eadraibh féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia clann mhac Abrachaim a dhéanamh de na leaca cloiche seo. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara8 Tabhairigidh uaibh, dá bhrigh sin, an toradh is dual do’n aithrighe, agus ná toisighigidh a rádh: Tá Abraham ina athair againn. Óir deirim libh go dtig le Dia clann a thógáil do Abraham as na clocha sin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh, agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin D'abraham. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)8 Tugaidh uaibh, d’á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n’athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na clochaibh sin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20128 Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil dʼAbrahám as na clocha seo. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19818 Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo. Féach an chaibidil |
Chómh luath agus bhéas fear an tighe éirighthe, agus doras an tighe dúnta aige, agus thosnuigheas sibh‐se ar bheith ’n‐bhúr seasamh amuigh, agus ar an doras do bhualadh, g‐á rádh, A Thighearna, foscail dúinn; agus freagróchaidh seisean agus adéarfaidh sé libh, Ní fhuil a fhios again cad as daoibh‐se;
D’á bhrigh sin is ó chreideamh atá an oidhreacht, chum go mbéadh sí do réir grása: chum go mbéadh an geallamhain diongbhálta do’n tsliocht uile: ní h‐é amháin do na daoinibh atá fá’n dlighe, acht do’n dream sin, leis, go bhfuil an creideamh céadna aca agus bhí ag Abracham, atá ’n‐a athair againn go léir,