Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: gach uile chrann, d’á bhrigh sin, nach dtugann toradh maith uaidh, gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus cheana féin tá an tua á leagan ar fhréamhacha na gcrann; agus níl crann nach dtugann dea-thoradh uaidh, nach mbeidh á ghearradh anuas, agus á chaitheamh isteach sa tine.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Óir tá an tuagh leagtha cheana féin ar bun na gcrann. Ar an adhbhar sin, gach crann nach dtabhrann toradh maith uaidh gearrfar agus caithfear san teinidh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:9
14 Tagairtí Cros  

Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: ar an adhbhar sin crann ar bith nach dtugann toradh maith, leagfar é agus caithfear é sa teinidh.


Gach crann nach dtugann toradh maith gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.


Agus do labhair sé leo an tsamhlaoid seo; Do bhí crann fige curtha ag duine áirithe ’n‐a fhíonghort; agus tháinig sé ar lorg tortha air, agus ní fhuair.


Agus adubhairt sé leis an bhfíon‐churadóir, Féach, atáim le trí bliadhnaibh ag teacht ar lorg tortha ar an gcrann fige seo, agus ní fhaghaim: leag é; cad chuige an talamh do chur amugha gan tairbhe d’á dheascaibh?


go rómharad ’n‐a thimcheall, agus go gcuiread aoileach faoi: agus má bheir sé toradh annsin, béidh go maith; acht muna dtugaidh, leagfaidh tú é.


Aon duine nach bhfanann ionnam‐sa, caithtear é amach amhail craobh, agus feoghann sé; agus bailightear iad agus caithtear isteach sa teinidh iad, agus dóightear iad.


An té do bhris dlighe Mhaoise, curtar chum báis é gan trócaire ar fhiadhnaise beirte nó trír;


óir is teine dian‐loiscneach ár nDia‐ne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí