Lúcás 3:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)9 Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 Agus cheana féin tá an tua á leagan ar fhréamhacha na gcrann; agus níl crann nach dtugann dea-thoradh uaidh, nach mbeidh á ghearradh anuas, agus á chaitheamh isteach sa tine.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara9 Óir tá an tuagh leagtha cheana féin ar bun na gcrann. Ar an adhbhar sin, gach crann nach dtabhrann toradh maith uaidh gearrfar agus caithfear san teinidh é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: gach uile chrann, d’á bhrigh sin, nach dtugann toradh maith uaidh, gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19819 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.” Féach an chaibidil |