Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Tugaidh uaibh, d’á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n’athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na clochaibh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Tugaigí na torthaí is dual don aithrí, agus ná tosaígí ar a rá eadraibh féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia clann mhac Abrachaim a dhéanamh de na leaca cloiche seo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Tabhairigidh uaibh, dá bhrigh sin, an toradh is dual do’n aithrighe, agus ná toisighigidh a rádh: Tá Abraham ina athair againn. Óir deirim libh go dtig le Dia clann a thógáil do Abraham as na clocha sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh, agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin D'abraham.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil dʼAbrahám as na clocha seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:8
29 Tagairtí Cros  

D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi.


Má’s eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir na h-aithrighe.


Ná h-abraidh i n-bhúr n-aigne: Tá Ábraham i n-a athair againn; óir deirim-se libh gur féidir do Dhia clann a dhéanamh d’Ábraham des na clochaibh sin.


Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se.


Ansan tusnóchaidh sibh ar a rádh: D’itheamair agus d’ólamair os do chómhair, agus dheinis teagasg i n-ár sráidibh.


Agus nuair a thiocfadh sé sin go ndéarfadh an t-é a thug cuireadh dhuit-se agus dó-san leat, Tabhair an áit sin dó so; agus ansan go gcaithfá dul agus fanmhaint sa n-áit is ísle agus náire ort.


Agus dubhairt sé leó: Deirim libh, má éistid siad san, go liúghfaid na clocha amach.


Agus dubhairt Íosa leis: Tá slánú fághalta indiu ag an dtigh seo de bhrígh gur de chlainn Ábrahaim é, leis.


Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann diamhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin?


D’fhreagradar é: Is de shíol Ábrahaim sinn, agus ní rabhamair riamh i n-ár ndaoraibh ag aoinne; conus a deirir-se, Saorfar sibh?


D’fhreagradar agus dubhradar leis: Isé Ábraham ár n-athair-ne. Dubhairt Íosa leó: Má’s clann d’Ábraham sibh deinidh oibreacha Ábrahaim.


Ach do chraobhsgaoileas é, do’n mhuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerúsalem, agus i gcrích Iúdaea ar fad, agus do sna Geintibh ionus go ndéanfaidís aithríghe agus go n-iompóchaidís ar Dhia, ag déanamh diongabhála na h-aithrighe d’oibreachaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí