Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 3 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara


Caibidil III Seanmóireacht Eoin: baisteann sé Críost.

1 Agus san cúigeadh bliadhain déag d’impireacht Thibériuis Caesar, nuair a bhí Point Pioláit ina uachtarán ar Iudaia, Ioruadh ina theatrarc ar an Ghailile, agus Pilip, a dhearbhráthair, ina theatrarc ar Iturea agus ar chríocha Thrathonítis, Lusanias ina theatrarc ar an Aibiléin,

2 Le linn Annas agus Caiphas a bheith ina n-árdshagairt, tháinic briathar an Tighearna chuig Eoin, mac Shacaire, san fhásach.

3 Agus tháinic sé ar fud na gcríoch go léir timcheall na h-Iordáine ag teagasc baisteadh aithrighe chun maitheamhnas peacaidhe,

4 Mar atá scríobhtha i leabhar na bhfocal a dubhairt Isaias, fáidh: Guth duine ag glaodhach san fhásach: Ullmhuighigidh slighe an Tighearna: déanaigidh díreach a chasáin.

5 Líonfar gach gleann, agus ísleochar gach sliabh agus cnoc; agus béidh an cam díreach, agus an garbh ina bhealach réidh,

6 Agus tchífidh an uile fheoil slánughadh Dé.

7 Ar an adhbhar sin dubhairt sé leis na sluaighte a chuaidh amach le baisteadh d’fhagháil uaidh: A shliocht naithreach nimhe, cé mhúin díbh-se teicheadh ó’n fheirg atá le theacht?

8 Tabhairigidh uaibh, dá bhrigh sin, an toradh is dual do’n aithrighe, agus ná toisighigidh a rádh: Tá Abraham ina athair againn. Óir deirim libh go dtig le Dia clann a thógáil do Abraham as na clocha sin.

9 Óir tá an tuagh leagtha cheana féin ar bun na gcrann. Ar an adhbhar sin, gach crann nach dtabhrann toradh maith uaidh gearrfar agus caithfear san teinidh é.

10 Agus d’fhiafruigh na sluaighte de, ag rádh: Cad é mar sin atá le déanamh againn?

11 Agus deir sé leo, ghá bhfreagairt: An té a bhfuil dhá chasóig aige, tabharadh sé do’n té nach bhfuil aige, agus an té a bhfuil biadh aige, déanadh sé mar an gcéadna.

12 Agus tháinic puibliocánaigh fosta le baisteadh d’fhagháil, agus dubhairt siad leis: A Mháighistir, cad é atá le déanamh againne?

13 Agus dubhairt sé leo: Ná déanaigidh níos mó ná tá órduighthe díbh.

14 Agus cheistigh saighdiuirí é fosta, ag rádh: Agus cad é tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leo: Ná scannruighigidh aoinneach agus ná cuirigidh bréag ar aoinneach, agus bígidh sásta le bhur dtuarastal.

15 Agus ó bhí na daoine ag breathnughadh agus iad uilig ag meabhrughadh ina gcroidhthe fá dtaoibh de Eoin, arbh fhéidir gurbh é an Críost é.

16 D’fhreagair Eoin, ag rádh leo uilig: Tá mise bhur mbaisteadh leoga le h-uisce, acht tiocfaidh neach is treise ná mé, nach fiú mé iall a bhróg a scaoileadh: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh,

17 Agus tá a shluasad cháithte iná láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár, agus cruinneochaidh sé an chruithneacht isteach ina scioból, acht dóighfidh sé an lóchán le teinidh dho-mhúchta.

18 Agus ag cómhairliughadh an phobail dó chraobhscaoil sé mórán neithe eile dóibh.

19 Agus Ioruadh, au teatrarc, nuair a d’aithbhrigh sé air Herodias bean a dhearbhráthar agus na h-uilc eile uilig a rinne Ioruadh,

20 Chuir sé seo leo go léir, gur dhruid sé Eoin i bpríosún.

21 Agus thárla, nuair a bhí na daoine uilig dá mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur foscladh neamh,

22 Agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht chorpordha mar cholmán air, agus tháinic guth ó neamh: Is tú mo Mhac múirneach, is ionnat atá mo mhór-thaitneamh.

23 Agus bhí Íosa é féin ag toiseacht fá thuairim a dheich mbliadhan fichead d’aois, agus é, mar a shíltí, ina mhac ag Ióseph, mac Heli, mac Mhatait,

24 Mac leibhí, mac Mhelchí, mac Ianne, mac Ióseph,

25 Mac Mhatatíais, mac Amois, mac Nahuim, mac Heslí, mac Nagge,

26 Mac Mhahait, mac Mhatatíais, mac Shemei, mac Ióseph, mac Iúda,

27 Mac Ioanna, mac Resa, mac Shorobabeil, mac Shalatieil, mac Nerí,

28 Mac Mhelchí, mac Addi, mac Chosain, mac Elmadain, mac Heir,

29 Mac Íosa, mac Elieseir, mac Iorim, mac Mhatait, mac Leibhí,

30 Mac Shimeoin, mac Iúda, mac Ióseph, mac Iona, mac Eliacim,

31 Mac Mhelia, mac Mhenna, mac Mhatata, mac Natain, mac Dháibhidh,

32 Mac Iesse, mac Obeid, mac Bhoois, mac Shalmoin, mac Naassoin,

33 Mac Aminadaib, mac Araim, mac Esroin, mac Phareis, mac Iúdais,

34 Mac Iacóib, mac Isaaic, mac Abrahaim, mac Tare, mac Nachoir,

35 Mac Sharuig, mac Ragau, mac Phaleig, mac Hebeir, mac Shale,

36 Mac Chainain, mac Arphacsaid, mac Sheim, mac Naoi, mac Lameic,

37 Mac Mhatusale, mac Henoic, mac Iareid, mac Mhalaléil, mac Chainain,

38 Mac Henois, mac Sheit, mac Adhaimh, mac Dé.

rights held by the Bible Society in Northern Ireland

Bible Society in Northern Ireland
Lean orainn:



Fógraí