Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus sa gcúigeadh bliadhain déag de réimeas Thiberius Céasar, an tráth ’n‐a raibh Point Píoláid ’n‐a cheannphort ar lúdaea, agus Ioruath ’n‐a thetrarcha ar an nGaililé, agus Pilib a dhearbhráthair ’n‐a thetrarcha ar Itúraea agus ar Thrachónítis, agus Lusanias ’n‐a thetrarcha ar Abiléne,

2 nuair do bhí Annas agus Cáiafas ’n‐a h‐árd‐shagartaibh, tháinig briathar Dé chum Eoin mac Shachariais sa bhfásach.

3 Agus tháinig sé isteach sa gceanntar i dtimcheall Iornán, ag fógairt baistidh na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh;

4 mar atá scríobhtha i leabhar Ésáiais fáidh, Guth an té ag glaodhach sa bhfásach, Réidhtighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach,

5 Líonfar gach gleann, Agus ísleochar gach sliabh agus cnoc; Agus díreochar an cam, Agus déanfar na slighthe garbha réidh;

6 Agus do‐chífidh an uile fheoil slánú Dé.

7 Adubhairt sé, d’á bhrigh sin, leis an sluagh do chuaidh amach chum go mbaistfeadh sé iad, A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair dhaoibh‐se teicheadh ó’n díbhfeirg atá le teacht.

8 Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin.

9 Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: gach uile chrann, d’á bhrigh sin, nach dtugann toradh maith uaidh, gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.

10 Agus d’fhiafruigh an sluagh uile dhe, g‐á rádh, Má’s eadh, créad atá le déanamh againn?

11 Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, An té ag a bhfuil dhá chasóig, tabhradh sé do’n té nach bhfuil casóg aige; agus an té ag a bhfuil biadh, déanadh sé mar an gcéadna.

12 Agus tháinig poibleacáin chuige, leis, chum go mbaistfidhe iad, agus adubhradar leis, A Mháighistir, créad atá le déanamh againne?

13 Agus adubhairt sé leo, Ná h‐éilighidh níos mó ’ná an méid atá dlisteanach.

14 Agus do chuir saighdiúirí ceist air, leis, g‐á rádh, Agus créad atá le déanamh againne? Agus adubhairt sé leo, Ná déanaidh foiréigean ar aoinneach, agus ná h‐agraidh éinnidh go h‐éagcórach; agus bidhidh sásta le n‐bhúr dtuarastal.

15 Agus nuair do bhí na daoine ag feitheamh, agus iad uile ag machtnamh ’n‐a gcroidhthibh i dtaobh Eoin, arbh fhéidir gurbh é an Críost é;

16 d’fhreagair Eoin, agus adubhairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce sibh; acht atá an té is treise ’ná mé ag teacht, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a bhróg: baistfidh seisean leis an Spiorad Naomh agus le teinidh sibh:

17 atá a ghaothachán ’n‐a láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n‐a scioból; acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dhó‐mhúchta.

18 Is iomdha spreagadh eile thug sé do na daoinibh, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dóibh;

19 acht Ioruat, an tetrarcha, do bhí smachtuighthe aige i dtaobh Héródias, bean a dhearbhráthar, agus i dtaobh na ndroch‐neithe uile do‐rinne Ioruath,

20 do chuir sé leo mar bhárr ar gach nidh, Eoin do chur fá ghlas bpríosún.

21 Agus tharla, nuair do bhí na daoine go léir baistthe, agus bhí Íosa baistthe, agus bhí sé ag guidhe, gur foscladh na flaithis,

22 agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht corpordha, i gcruth cuilm air, agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain; is ionnat‐sa atá mo mhór‐aoibhneas.

23 Agus do bhí Íosa féin, ag tosnú ar bheith tuairim deich mbliadhna fichead d’aois, agus do bhí sé (mar raoileadh) ’n‐a mhac ag Seosamh, mic Héli,

24 mic Mhattat, mic Lébhi, mic Mhelchi, mic Iannai, mic Sheosaimh,

25 mic Mhattatias, mic Amós, mic Naúm, mic Esli,

26 mic Haggai, mic Mhaát, mic Mhattatias, mic Shemeí, mic Iósech, mic Ióda,

27 mic Ióanan, mic Résa, mic Shorobábel, mic Shalatiél, mic Néri,

28 mic Mhelchi, mic Addi, mic Chósam, mic Elmadam, mic Ér,

29 mic Íosa, mic Eliéser, mic Iórim, mic Mhattat, mic Lébhi,

30 mic Shimeon, mic Iúda, mic Sheosaimh, mic Iónam, mic Eliacim,

31 mic Mhelea, mic Mhenna, mic Mhattata, mic Natán, mic Dháibhi,

32 mic Iesse, mic Óbéd, mic Bhóos, mic Shala, mic Naasón,

33 mic Aminadab, mic Admi, mic Arni, mic Esrón, mic Phares, mic Iúda,

34 mic Iácóib, mic Íosóig, mic Abrachaim, mic Thára, mic Nachór,

35 mic Sherúch, mic Ragú, mic Phálec, mic Eber, mic Shalá,

36 mic Chainam, mic Arfacsad, mic Sheim, mic Naoi, mic Lamech,

37 mic Mhatúsala, mic Enóch, mic Iáret, mic Mhaleleél, mic Chainan,

38 mic Enós, mic Shét, mic Ádhaimh, mic Dé.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí