Lúcás 3:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 d’fhreagair Eoin, agus adubhairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce sibh; acht atá an té is treise ’ná mé ag teacht, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a bhróg: baistfidh seisean leis an Spiorad Naomh agus le teinidh sibh: Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)16 thug Eoin freagra orthu uile go léir, “Ní bhímse do bhur mbaisteadh ach le huisce; ach tá sé ag teacht, an té is cumhachtaí i bhfad ná mise, nach fiú mé oiread agus iallacha a bhróg a scaoileadh; agus sin an té a dhéanfas bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara16 D’fhreagair Eoin, ag rádh leo uilig: Tá mise bhur mbaisteadh leoga le h-uisce, acht tiocfaidh neach is treise ná mé, nach fiú mé iall a bhróg a scaoileadh: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh, Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh: Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise ’ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201216 dʼfhreagair Eoin dá rá leo uile: “Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198116 d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Féach an chaibidil |