Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise ’ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 thug Eoin freagra orthu uile go léir, “Ní bhímse do bhur mbaisteadh ach le huisce; ach tá sé ag teacht, an té is cumhachtaí i bhfad ná mise, nach fiú mé oiread agus iallacha a bhróg a scaoileadh; agus sin an té a dhéanfas bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 D’fhreagair Eoin, ag rádh leo uilig: Tá mise bhur mbaisteadh leoga le h-uisce, acht tiocfaidh neach is treise ná mé, nach fiú mé iall a bhróg a scaoileadh: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 d’fhreagair Eoin, agus adubhairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce sibh; acht atá an té is treise ’ná mé ag teacht, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a bhróg: baistfidh seisean leis an Spiorad Naomh agus le teinidh sibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 dʼfhreagair Eoin dá rá leo uile: “Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:16
24 Tagairtí Cros  

Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.


Tá a ghléas cáithte i n-a láimh aige, agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.


D’fhreagair Eóin iad agus dubhairt sé leó: Deinim-se baisteadh i n-uisge, ach tá ’n-a sheasamh i nbhúr measg duine nách aithin daoibh-se.


Siné an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh-se agus go bhfuil tusach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh.


Agus níor aithnigheas-sa é, ach an t-é a chuir mé ag déanamh baiste i n-uisge dubhairt sé liom: An t-é go bhfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanmhaint air, siné an t-é a dheineann baisteadh sa Spioraid Naomh.


An t-é a chreideann ionam-sa, mar adubhairt an Sgríbhinn: Ruithfidh as a bhroinn sruthana uisge beó.


Gur dhein Eóin baiste le h-uisge ach go ndéanfar sibhse do bhaiste leis an Spioraid Naomh laistigh de bheagán laethanta.


An fhaid a bhí Peadar ag rádh na cainnthe sin do thúirling an Spioraid Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar.


Do tógadh suas é, d’á bhrígh sin, ar deasláimh Dé agus do réir mar a fuair sé ó’n Athair an gheallamhaint i dtaobh an Spioraid Naoimh, do dhoirt sé amach é seo, agus chíonn sibhse é agus airígheann sibh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí