Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht corpordha, i gcruth cuilm air, agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain; is ionnat‐sa atá mo mhór‐aoibhneas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 agus thuirling an Spiorad Naomh air i riocht corportha, mar a bheadh colm ann, agus tháinig an glór ó neamh, “Is tú mo mhac ionúin; is leat atá mé sásta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht chorpordha mar cholmán air, agus tháinic guth ó neamh: Is tú mo Mhac múirneach, is ionnat atá mo mhór-thaitneamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:22
21 Tagairtí Cros  

Féach, mo sheirbhíseach atá toghtha agam; An té is ionmhain liom ’n‐a bhfuil aoibhneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróchaidh Sé breitheamhnas do na Geintibh.


Le linn a chainnte, féach, do leath scamall lonnrach ortha: agus féach, an guth as lár an scamaill, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain, ’n‐a bhfuil mo mór‐aoibhneas; éistidh leis.


Cuireann sé a mhuinighin as Dia; saoradh Sé anois é, má’s áil leis é, óir adubhairt sé, Is mé Mac Dé.


Tháinig Íosa, an t‐am sin, ó’n nGaililé go h‐Iórnán chum Eoin, chum go mbaistfeadh seisean é.


Agus ar mbeith d’Íosa baistthe, do chuaidh sé suas as an uisce ar an láthair: agus, féach, do foscladh na flaithis dó, agus do chonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i riocht cuilm, agus ag teacht anuas air:


agus, féach, guth ó neamh, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas.


agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain in a bhfuil mo mhór‐aoibhneas.


Agus tarla ins na laethibh sin go dtáinig Íosa ó Nasair na Galilé agus gur bhaist Eoin é i nIórnán.


Agus tháinig scamall ’n‐a dtimcheall do chlúduigh iad: agus tháinig an guth as an scamall adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain: éistidh leis.


Glóir do Dhia ins na flaitheasaibh is aoirde, Agus ar talamh síothcháin do lucht déighmhéine.


Agus do thosnuigh sé ar a rádh leo, Atá an scrioptúir cóimhlíonta indiu i n‐bhúr gcluasaibhse.


Agus thug Eoin fiadhnaise, g‐á rádh, Do chonnacas an Spiorad ag teacht ó neamh anuas i riocht cuilm; agus d’fhan sé air.


A Athair, glóirigh t’ainm. Annsin tháinig guth ó neamh, Do ghlóirigheas cheana é, agus glóireochad arís é.


Agus an t‐Athair do chuir uaidh mé, thug sé fiadhnaise im’ thaobh. Ní, chualabhair‐se a ghuth ariamh agus ní fhacabhar a ghné.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis.


D’fhuascail sé ó chumhacht an dorchadáis sinn, agus d’aistrigh sé go ríoghacht a Mhic ionmhain féin sinn;


Druididh leis, cloch shír‐bheo, d’ar dhiúltuigh na daoine, acht atá toghtha, luachmhar i bhfiadhnaise Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí