Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 agus thuirling an Spiorad Naomh air i riocht corportha, mar a bheadh colm ann, agus tháinig an glór ó neamh, “Is tú mo mhac ionúin; is leat atá mé sásta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht chorpordha mar cholmán air, agus tháinic guth ó neamh: Is tú mo Mhac múirneach, is ionnat atá mo mhór-thaitneamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht corpordha, i gcruth cuilm air, agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain; is ionnat‐sa atá mo mhór‐aoibhneas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:22
21 Tagairtí Cros  

Féach, mo sheirbhíseach, an t-é a thoghas, an t-é is ionmhuin liom, an t-é ar a bhfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh.


Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.


Bí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé.


Ansan do tháinig Íosa ó Ghaililí go dtí an Iórdan, ag triall ar Eóin, chun go mbaistfeadh Eóin é.


Agus nuair a bhí Íosa baistithe tháinig sé aníos as an uisge láithreach; agus féach, do h-osgaladh na flathais dó, agus chonaic sé Spioraid Dé ag teacht anuas i riocht colúir agus ag túirliocan air.


Agus féach, guth as na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann.


Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.


Agus do thárla, ins na laethibh sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ghaililí agus gur bhaist Eóin é sa n-Iórdan.


Agus, láithreach, d’fhéachadar ’n-a dtímpal agus ní fheacadar aoinne a thuille ach Íosa amháin ’n-a bhfochair.


Glóire do Dhia ins na flathais go h-árd, agus ar talamh síothcáin do lucht deagh-mhéinne.


Agus thusnuigh sé ar a rád leó: Tá an scriptiúir sin tagaithe chun cinn indiu i nbhúr gcluasaibh-se.


Agus do thug Eóin fiadhnaise uaidh agus dubhairt: Do chonac an Spioraid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air.


A Athair, dein t’ainim do shoillsiú. Ansan do tháinig guth ó neamh: Do shoillsígheas cheana é, agus soillseóchad airís é.


Agus an t-Athair féin a chuir mé uaidh do thug sé fiadhnaise am’ thaobh. Agus níor chloiseabhair-se riamh a ghuth, ná ní fheacabhair a dhealbh.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí