Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus bhí Íosa féin ag dul ’n-a dheichmhadh bliain fichid nó mar sin, ’n-a mhac, dar le daoine, ag Ióseph, mac Hélí, mic Mathat,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus nuair a thosaigh Íosa, bhí sé tuairim is tríocha bliain dʼaois, agus (mar a measadh) ba é mac Iósaif é, mac Héli,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus bhí Íosa é féin ag toiseacht fá thuairim a dheich mbliadhan fichead d’aois, agus é, mar a shíltí, ina mhac ag Ióseph, mac Heli, mac Mhatait,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus do bhí Íosa féin, ag tosnú ar bheith tuairim deich mbliadhna fichead d’aois, agus do bhí sé (mar raoileadh) ’n‐a mhac ag Seosamh, mic Héli,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus do bhí Iosa féin a dtimchioll a dheichmblíadhan fichead dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe na ndáoine) na mbac ag Ióseph, mhic Héli,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac–mar a síleadh–do Iósaef mac Héilí,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac - mar a síleadh - do Iósaef mac Héilí,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:23
20 Tagairtí Cros  

Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid mic Ábrahaim.


Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost.


Agus do ghein Dáibhid, an rí, Salomón ó’n mnaoi a bhí ag Urias.


Nách é seo mac an cheardaidhe? Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus ar a bhráithribh Séamus agus Ióseph agus Símón agus Iúdás?


As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.


Nách é seo an siúinéir, mac Mhuire, bráthair Shéamuis, agus Ióseiph, agus Iúdáis, agus Shímóin? An amhlaidh ná fuil a dhriféaracha anso i n-ár measg? Agus do ghlacadar sgannal uime.


Agus bhí iongna ortha-san nuair a chonacadar é. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach, bhí t’athair agus mise go buartha ar do lorg.


Mic Melea, mic Menna, mic Matata, mic Nátán, mic Dáibhid,


Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob’ iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo?


Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret.


Agus dubhradar: Nách é seo Íosa mac Ióseph go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conus, d’á bhrígh sin, is féidir dó so a rádh, Do thánag anuas ó neamh?


Do dheineas an chéad chainnt, a Theophiluis, ar na neithibh go léir a thusnuigh Íosa ar dhéanamh agus ar theaghasg,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí