Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus do chuir saighdiúirí ceist air, leis, g‐á rádh, Agus créad atá le déanamh againne? Agus adubhairt sé leo, Ná déanaidh foiréigean ar aoinneach, agus ná h‐agraidh éinnidh go h‐éagcórach; agus bidhidh sásta le n‐bhúr dtuarastal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus bhí saighdiúirí ann a dʼfhiafraigh de, “Cad é atá orainn a dhéanamh?” Agus dúirt sé leo, “Ná robálaigí aon duine le foréigean ná le dúmhál, agus bígí sásta le bhur dtuarastal.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus cheistigh saighdiuirí é fosta, ag rádh: Agus cad é tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leo: Ná scannruighigidh aoinneach agus ná cuirigidh bréag ar aoinneach, agus bígidh sásta le bhur dtuarastal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus do cheistigh saighdiúirí é, agus dubhradar: Cad tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leó: Ná deinidh lámhláidir ar aoinne, agus ná deinidh cúlchaint ar aoinne, agus bídhidh sásta le nbhúr dtuarasdal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Dʼfhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:14
15 Tagairtí Cros  

Agus tar a éis dó dul isteach i gCafarnaúm, tháinig ceanntúir chuige,


Agus d’éirigh Sacchéus ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leis an Tighearna, Féach, A Thighearna, do‐bheirim a leath dem’ mhaoin do na bochtaibh; agus má bhaineas éinnidh san éagcóir d’aon duine, do‐bheirim a cheithre oiread ar ais dó.


Agus d’fhiafruigh an sluagh uile dhe, g‐á rádh, Má’s eadh, créad atá le déanamh againn?


Agus adubhairt sé leo, Ná h‐éilighidh níos mó ’ná an méid atá dlisteanach.


Agus nuair d’imthigh an t‐aingeal do bhí ag cainnt leis, do ghlaodh sé chuige beirt d’á sheirbhíseachaibh, agus saighdiúir cráibhtheach díobh‐san do bhíodh i gcómhnaidhe ag freastal air;


chum go mbéidh sibh gan locht, gan aineamh, ’n‐bhur gclainn Dé gan smál i lár cinidh chaim, chuirpthigh, go bhfuil sibh ’n‐a measc amhail soillsí san tsaoghal,


Ní h‐é go bhfuilim ag labhairt mar bhéinn fá easbaidh: óir d’fhoghlaimeas cionnas fanamhain sásta, is cuma cia an staid ’n‐a mbím.


go mba ceart do na mnáibh aosta, leis, bheith urramach ’n‐a n‐iomchar, gan bheith bíodánach, gan an‐dúil bheith aca san bhfíon, bheith ag tabhairt teagaisc mhaith;


Agus do chualas glór árd ar neamh, g‐á rádh, Anois atá slánughadh, agus cumhacht, agus ríoghacht ár nDé, agus cumhacht a Chríost tagtha: óir atá éilightheoir ár mbráthar teilgthe síos, an té do bhí g‐á n‐éiliú i bhfiadhnaise ár nDé de ló agus d’oidhche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí