Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus do cheistigh saighdiúirí é, agus dubhradar: Cad tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leó: Ná deinidh lámhláidir ar aoinne, agus ná deinidh cúlchaint ar aoinne, agus bídhidh sásta le nbhúr dtuarasdal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus bhí saighdiúirí ann a dʼfhiafraigh de, “Cad é atá orainn a dhéanamh?” Agus dúirt sé leo, “Ná robálaigí aon duine le foréigean ná le dúmhál, agus bígí sásta le bhur dtuarastal.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus cheistigh saighdiuirí é fosta, ag rádh: Agus cad é tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leo: Ná scannruighigidh aoinneach agus ná cuirigidh bréag ar aoinneach, agus bígidh sásta le bhur dtuarastal.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus do chuir saighdiúirí ceist air, leis, g‐á rádh, Agus créad atá le déanamh againne? Agus adubhairt sé leo, Ná déanaidh foiréigean ar aoinneach, agus ná h‐agraidh éinnidh go h‐éagcórach; agus bidhidh sásta le n‐bhúr dtuarastal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Dʼfhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:14
15 Tagairtí Cros  

Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe,


Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair.


Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad ’tá le déanamh againn má ’seadh?


Agus dubhairt seisean leó: Ná deinidh níor mó ’ná mar atá ceapaithe dhaoibh le déanamh.


Agus nuair a d’imthigh an t-aingeal, a bhí ag cainnt leis, do ghlaoidh sé chuige beirt d’á theaghlach féin agus fear airm n-a raibh eagla an Tighearna air, daoine a bhí úmhal dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí