Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus adubhairt sé leo, Ná h‐éilighidh níos mó ’ná an méid atá dlisteanach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Agus is é a dúirt sé leo, “Ná bailígí thar a bhfuil leagtha amach daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus dubhairt sé leo: Ná déanaigidh níos mó ná tá órduighthe díbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus a dubhairt seision ríu, Na déunuidh ní sa mhó ná do horduigheadh dhaóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus dubhairt seisean leó: Ná deinidh níor mó ’ná mar atá ceapaithe dhaoibh le déanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:13
15 Tagairtí Cros  

D’á bhrigh sin, gach nidh ba mhaith libh go ndéanfadh daoine dhaoibh‐se, déanaidh‐se mar an gcéadna dhóibh‐sean: mar is é sin an dlighe agus na fáidhe.


Agus d’éirigh Sacchéus ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leis an Tighearna, Féach, A Thighearna, do‐bheirim a leath dem’ mhaoin do na bochtaibh; agus má bhaineas éinnidh san éagcóir d’aon duine, do‐bheirim a cheithre oiread ar ais dó.


Agus tháinig poibleacáin chuige, leis, chum go mbaistfidhe iad, agus adubhradar leis, A Mháighistir, créad atá le déanamh againne?


Agus do chuir saighdiúirí ceist air, leis, g‐á rádh, Agus créad atá le déanamh againne? Agus adubhairt sé leo, Ná déanaidh foiréigean ar aoinneach, agus ná h‐agraidh éinnidh go h‐éagcórach; agus bidhidh sásta le n‐bhúr dtuarastal.


ná lucht sainnte, ná meisceoirí, ná masluightheoirí, ná foghlaidhthe, ní bhfaighidh siad‐san ríoghacht Dé mar oidhreacht.


ná déanadh sé goid ’n‐a dhiaidh seo: acht ’n‐a ionad sin déanadh sé saothar, ag déanamh oibre fóghanta le n‐a lámhaibh, ar mhodh go mbéidh rud aige le tabhairt do’n té atá ’n‐a easbaidh.


D’á bhrigh sin, ó thárla néall chómh mór sin d’fhiadhnaidhthibh bheith ’n‐ár dtimcheall, cuirimís dínn gach ualach, agus an peacadh ghreamuigheas chómh dlúth sin dínn, agus rithimís go foighdeach an cúrsa atá curtha rómhainn,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí