Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 nuair do bhí Annas agus Cáiafas ’n‐a h‐árd‐shagartaibh, tháinig briathar Dé chum Eoin mac Shachariais sa bhfásach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus Annas agus Caiaphas ina n‑ardsagairt, ba san am sin a tháinig briathar Dé chuig Eoin mac Shecaría san fhásach;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Le linn Annas agus Caiphas a bheith ina n-árdshagairt, tháinic briathar an Tighearna chuig Eoin, mac Shacaire, san fhásach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 An tan do bhí Annas agus Caiphás na nárdshagartuibh, tháinic bríathar Dé chum Eóin mhic Sacharías san bhfásach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 I n aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 faoi ard-sagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zacairiá sa bhfhásach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 faoi ardsagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zachairias san fhásach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:2
21 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhí siad‐san imthighthe, do thosnuigh Íosa ar a rádh leis na sluaightibh i dtaobh Eoin, Cad é go ndeachaidh sibh amach sa bhfásach le n‐a fheicsin? giolcach d’á luascadh le gaoith?


Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas;


Mar atá scríobhtha ag Ésáias fáidh, Féach, cuirim rómhat mo theachtaire Ullmhóchas do shlighe rómhat.


Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé ’n‐a spioraid, agus d’fhan sé ins an bhfásach go dtí an lá ’n‐a raibh air a fhoillsiú féin d’Israel.


Adubhairt seisean, Is mise guth an té ghlaodhas sa bhfásach, Déanaidh slighe an Tighearna díreach, mar adubhairt Ésáias fáidh.


Annsin do chuir Annas é ceangailte chum an árd‐shagairt.


agus Annas árd‐shagart, agus Cáiafas, agus Eoin, agus Alecsander, agus gach ar bhain le teaghlach an árd‐shagairt.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí