Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Is iomdha spreagadh eile thug sé do na daoinibh, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dóibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Ba mar sin a dʼfhoilsigh sé an nuacht áthasach don phobal, agus é á ngríosú le mórán ráite dá leithéid.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus ag cómhairliughadh an phobail dó chraobhscaoil sé mórán neithe eile dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó do mhinigh sé an siosgéul don phobal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus do chraobhsgaoil sé a lán neithe eile do sna daoine ’ghá gcómhairliú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Agus trína lán nithe eile fós a rá leo dá spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:18
9 Tagairtí Cros  

atá a ghaothachán ’n‐a láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n‐a scioból; acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dhó‐mhúchta.


acht Ioruat, an tetrarcha, do bhí smachtuighthe aige i dtaobh Héródias, bean a dhearbhráthar, agus i dtaobh na ndroch‐neithe uile do‐rinne Ioruath,


Do‐bheir Eoin fiadhnaise ’n‐a thaobh agus glaodhann sé, g‐á rádh, Is é seo an té go ndubhras ’n‐a thaobh, An té atá ag teacht im’ dhiaidh, do cuireadh rómham é, óir bhí sé ann rómham.


An lá ’n‐a dhiaidh sin do chonnaic sé Íosa ag teacht chuige, agus adubhairt sé, Féach Uan Dé thógas peacadh an domhain!


Agus do chonnacas, agus thugas fiadhnaise gur ab é Mac Dé é seo.


Agus do bhrostuigh agus do spreag sé iad le n‐a lán briathar eile, g‐á rádh, Coimhéadaidh sibh sibh féin saor ó’n droch‐gheinealach so.


Agus nuair do ghluais sé tríd na críochaibh sin, agus do chuir sé ar a meisneach iad le mórán cainnte, tháinig sé isteach san nGréig.


nó an té bhrostuigheas, tabhradh sé aire d’á bhrostúghadh; an té roinneas, déanadh sé go fial é; an té riaghluigheas, déanadh sé le dúthracht é; an té do‐ghní trócaire, déanadh sé le ríméad í.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí