Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Ach bhí casta aige le hIorua an teitrearch faoi Heródias, bean a dhearthár, agus faoina raibh déanta aige de mhíghníomhartha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus Ioruadh, au teatrarc, nuair a d’aithbhrigh sé air Herodias bean a dhearbhráthar agus na h-uilc eile uilig a rinne Ioruadh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 acht Ioruat, an tetrarcha, do bhí smachtuighthe aige i dtaobh Héródias, bean a dhearbhráthar, agus i dtaobh na ndroch‐neithe uile do‐rinne Ioruath,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus ar gcur an aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na droch-bhearta uile a bhí déanta aige,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:19
9 Tagairtí Cros  

Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis:


Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa.


Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród.


Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,


Agus do chraobhsgaoil sé a lán neithe eile do sna daoine ’ghá gcómhairliú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí