Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Mar atá sgríobhtha i leabhar na bhfocal adubhairt Isáias fáidh: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Deinidh slígh an Tighearna d’ollamhú: Deinidh na bóithre do dhíriú dhó;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Bhí sin mar atá scríofa i leabhar bhriathra Ísáia fáidh, “Glór an té a scairteas san fhásach: Ullmhaígí slí an Tiarna, déanaigí a chosáin díreach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Mar atá scríobhtha i leabhar na bhfocal a dubhairt Isaias, fáidh: Guth duine ag glaodhach san fhásach: Ullmhuighigidh slighe an Tighearna: déanaigidh díreach a chasáin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 mar atá scríobhtha i leabhar Ésáiais fáidh, Guth an té ag glaodhach sa bhfásach, Réidhtighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Mar a tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh, a deir, Guth an té éighmheas ar an bhfásadh, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin díreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:4
12 Tagairtí Cros  

Óir sin é an t-é ar ar labhair Isáias Fáidh nuair adubhairt sé: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach, Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a bhóithre do dhíriú dhó.


Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a chasáin do dhíriú dhó.


Cad deirir ad’ thaobh féin? Dubhairt sé: Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh.


Tháinig sé sin chun fiadhnaise, ionus go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsoluis, ionus go gcreidfeadh gach aoinne tríd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí