Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus shiúil sé an tír a bhí ar dhá thaobh Abhainn Iornáin, ag foilsiú baiste aithreachais le haghaidh maithiúnas peaca a fháil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus tháinic sé ar fud na gcríoch go léir timcheall na h-Iordáine ag teagasc baisteadh aithrighe chun maitheamhnas peacaidhe,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus tháinig sé isteach sa gceanntar i dtimcheall Iornán, ag fógairt baistidh na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Iórdan, ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe chuin maithmbeachuis na bpeacadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na hIordáine ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:3
12 Tagairtí Cros  

Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.


Agus iompóchaidh sé a lán de chlainn Israéil ar a dTighearna Dia.


Ag tabhairt eóluis slánuighthe d’á phobul, ionus go maithfí a bpeacaí dhóibh;


Agus bhí Íosa lán de’n Spioraid Naomh, agus tháinig sé thar n-ais ó’n Iórdan, agus do sheól an Spioraid isteach sa bhfásach é,


Do thárla na neithe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raibh Eóin ag baisteadh na ndaoine.


Agus thánadar ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an t-é úd a bhí ad’ fhochair-se lastall de’n Iórdan agus gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall air.


Agus roime n-a theacht san do chraobhsgaoil Eóin bhaiste chun aithríghe do phobul Israéil go léir.


Agus dubhairt Pól: Do bhaist Eóin na daoine le baiste aithrighe agus dubhairt sé leó nár bh’foláir dóibh creideamhaint sa’ t-é a bhí le teacht ’n-a dhiaidh féin, ’sé sin i n-Íosa.


Anoir cad é an ríghneas so ort? Eirigh agus baistthear thu agus nigh díot do pheacaí le glaodhach a ainim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí