Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Iórdan, ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe chuin maithmbeachuis na bpeacadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus shiúil sé an tír a bhí ar dhá thaobh Abhainn Iornáin, ag foilsiú baiste aithreachais le haghaidh maithiúnas peaca a fháil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus tháinic sé ar fud na gcríoch go léir timcheall na h-Iordáine ag teagasc baisteadh aithrighe chun maitheamhnas peacaidhe,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus tháinig sé isteach sa gceanntar i dtimcheall Iornán, ag fógairt baistidh na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na hIordáine ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:3
12 Tagairtí Cros  

Go deimhin baisdimsi sibh lé huisge do chum aithrighe: achd cheana an té thig am dhíaigh is láidire é ná me, agus ni fíu misi a bhróga diomchur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náomh, agus lé teinigh sibh:


Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israél chum an Tighearna a Ndía féin.


Do thabhairt éolus na sláinte dá phobal tré mhaitheamhnus na bpeacadh,


Agus ar mbeith Diosa lán don Spiorad Náomh, do fhill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréornigheadh leis an Spioruid ar an bhfásach é,


Do rinneadh na neithese a Mbetábara, ar a táobh thall do Iordán, an áit an ar bhaisd Eóin.


Agus tangadar chum Eoin, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, an té do bhí ad fhochair ar an dtáoibh thall do Iordán, dá ndearna tú fíadhnuisi, féuch, baisdigh sé, agus tigid na huile dhaoine chuige.


Ar mbeith Deóin roimh eísion do theachd ag seanmórughadh bhaisdigh na haithrighe do phobal Israél uile.


Agus a dubhairt Pól, Go deimhin do bhaisd Eóin lé baisdeadh na haithrighe, ag rádh ris an bpobal, creideamh ann sa té do thiocfadh na dhiáigh féin, eadhon, a Níosa Críosd.


Agus a nois créd do bheir ag déunamh moilee thú? éirigh, gabh baisdeadh chugad, agus bí ar do ghlanadh ód pheacadhaibh, ar ngairm ar ainm an Tighearna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí