Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: An t-é go bhfuil dhá chasóig aige tugadh sé do’n t-é ná fuil aige; agus an t-é go bhfuil bia aige deineadh sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus ba é a fhreagra orthu, “An té a mbíonn dhá chóta aige, roinneadh sé leis an té atá gan chóta; agus an té a mbíonn bia aige, déanadh sé mar an gcéanna.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus deir sé leo, ghá bhfreagairt: An té a bhfuil dhá chasóig aige, tabharadh sé do’n té nach bhfuil aige, agus an té a bhfuil biadh aige, déanadh sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, An té ag a bhfuil dhá chasóig, tabhradh sé do’n té nach bhfuil casóg aige; agus an té ag a bhfuil biadh, déanadh sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:11
22 Tagairtí Cros  

Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.


Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.


Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise.


Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair.


Mar do cheap cuid acu, ó bhí an sparán ag Iúdás, gur bh’amhlaidh adubhairt Íosa leis: Ceannaigh na neithe theastóchaidh uainn i gcóir na féile; nó rud éigin a thabhairt do sna daoine bochta.


Fear diadha n-a raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach, do thugadh mórán déarca uaidh do sna daoine, agus a bhíodh ag guidhe Dé coitchianta.


A Chornélius, tá éistithe le d’ ghuidhe agus tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé.


Agus dubhairt seisean, agus é ag féachainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thighearna? Agus dubhairt sé leis: Taid t’úrnuighthe agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí