Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 3:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ba í an cúigiú bliain déag í de ríocht Thiberius Caesar agus bhí Pointias Píoláid ina uachtarán os cionn Iúdaea; agus Iorua ina theitrearch i nGalailí, agus a dheartháir Pilib ina theitrearch i gceantar Ituraía agus Traconítis, agus Lisánías ina theitrearch in Abiléne,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus san cúigeadh bliadhain déag d’impireacht Thibériuis Caesar, nuair a bhí Point Pioláit ina uachtarán ar Iudaia, Ioruadh ina theatrarc ar an Ghailile, agus Pilip, a dhearbhráthair, ina theatrarc ar Iturea agus ar chríocha Thrathonítis, Lusanias ina theatrarc ar an Aibiléin,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus sa gcúigeadh bliadhain déag de réimeas Thiberius Céasar, an tráth ’n‐a raibh Point Píoláid ’n‐a cheannphort ar lúdaea, agus Ioruath ’n‐a thetrarcha ar an nGaililé, agus Pilib a dhearbhráthair ’n‐a thetrarcha ar Itúraea agus ar Thrachónítis, agus Lusanias ’n‐a thetrarcha ar Abiléne,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus an-cuigeadh bliadhan déug dimpireachid Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius Phioláid na úachdarán a ttir Iúdáighe, agus Ioruáith na théatrarc sa Ngalilé, agus Philip a dhearbhrathair na théatrarc air Ituréa agus air chrích Thrachonítis, agus Lísánias na thetrarch air Abiléne,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Caesar, nuair a bhí Pointias Píoláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Thrachóiníteas, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 3:1
19 Tagairtí Cros  

Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa.


Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.


Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród.


Innis dúinn, d’á bhrígh sin, cad is dóigh leat? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol?


Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir.


Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige.


Agus nuair a tháinig lá oireamhnach chuige dhein Héród féasta lae a bheirthe do phriúnsaíbh agus do thaoiseachaibh agus d’uaislibh Ghaililí,


An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha.


Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir.


Agus thug Pílát mar bhreith an nídh a bhí uatha do dhéanamh.


Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród,


Agus d’airigh Héród, an tetrarc, gach nídh a bhí aige ’á dhéanamh, agus bhí sé ar mearbhall, mar deireadh daoine,


Agus do sgríbh sé litir agus dubhairt sé inti: “Claudius Lusias chun an ghobhernóra ró-uasail, Féilics, sláinte.


Ach d’imthig dhá bhlain, agus tháinig Portius Féstus i n-inead Fhéilics. Agus mar shásamh ar na Iúdaígh d’fhág Féilics Pól sa phríosún.


Ansan d’eirigh an rí agus an gobhernóir agus Bernícé agus a raibh ’n-a suidhe ’n-a bhfochair.


Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar an chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí