Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus chuibhrigh siad é agus tharraing siad ar shiúl é agus thug siad do Phíoláid an t‑uachtarán é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus rug siad leo é, agus é ceangailte acu, agus thug siad suas do Phoint Phioláit, an t-uachtarán, é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus do cheangladar é, agus thugadar suas do Phíoláid an riaghaltóir é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus na cheangal dhóibh, rugadar léo é, agus thugadar do Phóinnsius Piláit an túachdarán é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é dá thabhairt ar láimh do Phíoláit gobharnóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:2
25 Tagairtí Cros  

Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.


Agus má airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal.


Agus bhí daoine láithreach an uair chéadna san a dh’innis dó i dtaobh na nGaililíach n-ar mheasg Pílát a gcuid fola ar a n-ídhbirtibh.


Agus bhíodar ag faire, agus chuireadar chuige lucht fill do leigfeadh ortha gur dhaoine macánta iad, chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint, i dtreó go ndéanfaidís é thabhairt suas do chómhacht agus d’úghdarás an ghoibhearnóra.


Agus d’eirigheadar go léir agus do rugadar ag triall ar Phílát é.


Agus tháinig caradas an lá san idir Phílát agus Héród, mar, namhaid ab eadh iad d’á céile roimis sin.


Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,


Ansan do rug an bhuidhean agus an captaén agus seirbhísigh na n-Iúdach ar Íosa, agus do ghabhadar é.


Ansan do chuir Annas uaidh é gabhtha ag triall ar Cáiphas an t-árdshagart.


Ansan do rugadar Íosa leó ó Cháiphas go dtí an Praetórium. Bhí sé ’n-a mhaidin an uair sin, agus níor chuadar féin isteach sa halla, i dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an cháisg.


Agus nuair a bhí Héród chun é thabhairt os cómhair ná ndaoine, bhí sé an oidhche chéadna san ’n-a luighe idir bheirt lucht airm, agus é ceangailte le dhá shlabhra. agus bhí lucht cimeádta lasmuich de’n dorus ag cimeád an phríosúin.


Ansan do tháinig an tribiún agus thóg sé é agus d’órduigh sé é ceangal le dhá shlabhra agus d’fhiafraigh sé cia’r bh’é agus cad a bhí déanta aige.


Do cheangaladar Pól le téadaibh. Ansan dubhairt sé leis an dtaoiseach céad a bhí ’n-a sheasamh i n’aice: An bhfuil ceaduighthe dhaoibh gabháil de sgiúirsíbh ar fhear Rómhánach gan é dhaoradh ar dtúis?


D’imthigh uaid láithreach na daoine a bhí chun é phianadh. Tháinig eagla ar an dtribhiún féin nuair a fuair sé gur bh’fhear Rómánach é agus go raibh sé tar éis é cheangal.


Ach d’imthig dhá bhlain, agus tháinig Portius Féstus i n-inead Fhéilics. Agus mar shásamh ar na Iúdaígh d’fhág Féilics Pól sa phríosún.


Siné cúis n-ar iarras sibhre a dh’feisgint agus labhairt libh. Mar gheall ar an ndóchas atá i n-Israél iseadh atá an slabhra so casta ormsa.


Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a thug glóire d’á Mhac Íosa, an té a dheineabhairse a bhrath agus do shéanad i láthair Phíláit, agus eisean ag tabhairt saorbhreithe air.


Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar an chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,


Agus d’iarr sé air leitreacha thabhairt dó go Damascus, chun na sinagóg, i dtreó dá bhfaghadh sé aon daoine, fir ’ná mná, de ’n tslígh sin, go dtabharfadh sé leis iad gabhtha go Ierúsalem.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí