Matha 27:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)1 Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)1 Nuair a tháinig an mhaidin, chuaigh na hardsagairt uile agus seanóirí an phobail i gcomhairle in aghaidh Íosa lena chur chun báis; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara1 Agus ar theacht na maidne, chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail uilig i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun é chur chun báis. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus ar tteachd na maiden, do chúadar na hárdsagart, agus sinnsir an phobuil uile a ccomhuirle a naghuidh Iósa ionnas go ccuirfidis chum báis é: Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20121 Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa dʼfhonn é a bhású. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19811 Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d'fhonn é a bhású. Féach an chaibidil |
Agus nuair airíghdar an chainnt sin chuadar isteach sa teampul go moch ar maidin agus bhíodar ag teagasg. Agus ansan tháinig an t-árdshagart agus na daoine a bhí i n’fhochair agus chruinníghdar cómhairle, agus seanóirí clainne Israéil go léir, agus chuireadar fios ortha chun an phríosúin, go dtabharfí chúcha iad.