Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XXIII. Pól i láthair na cómhairle. Deinid na Iúdaígh ceilg chun é mharbhú. Curtar go Caesaréa é.

1 D’fhéach Pól ar an gcómhairle agus dubhairt sé: A fheara, a bhráithre, tá mo ghnó déanta agamsa i ngach deagh-choínsias, i dtaobh Dé, go dtí an lá so indiu againn.

2 Ansan dubhairt an t-árdshagart, Ananias, leis na daoine a bhí i n’aice é bhualadh sa bhéal.

3 Dubhairt Pól leis, ámhthach: Buailfidh Dia thusa, a fhala aolta. Tusa ad shuidhe chun bhreithe thabhairt ormsa do réir na dlighe, agus, i n-aghaidh na dlighe, a n-órduígheann tú mé bhualadh?

4 Agus dubhairt na daoine a bhí n-a seasamh i n’aice: An ag easgainí ar árdshagart Dé ataoi?

5 Agus dubhairt Pól: Ní raibh ’fhios agam, a bhráithre, gur bh’é an t-árdshagart é. Óir tá sgríobhtha: Ná tabhair dnoch-chainnt d’uachtarán do dhaoine.

6 Ach bhí ’fhios ag Pól gur de sna Saddúcínigh cuid acu agus gur de sna Fairisínigh an chuid eile, agus dubhairt sé go h-árd: A bhráithre, Fairisíneach iseadh mise, mac Fairisínigh. Is mar gheall ar shúil le h-aiseirighe na marbh atáim ar mo thriail.

7 Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’éirigh toirmeasg idir na Fairisínigh agus na Saddúcínigh agus deinead dhá chuid de’n bhuidhin.

8 Óir deir na Sadducínigh ná fuil aiseitrighe ann, ná aingeal, ná spioraid. Agus adamhuíghid na Fairisínigh gach nídh acu.

9 Ansan d’éirigh collóid mhór. Do phreab cuid de sna Fairisínigh ’n-a seasamh agus bhiodar ag aighneas agus deiridís: Ní bhfaighmíd aon olc sa duine seo. Má labhair spioraid leis, nú aingeal, cad é sin d’aoinne eile sin.

10 Ansan nuair a bhí an sgéal ’n-a bhruidhin chaorthainn eatartha bhi eagal ar an dtrbiún go stracfaidís as a chéile Pól, agus d’órduigh sé do sna saighdiúirí dul síos agus é thógaint uatha agur é thabhairt isteach sa longphort.

11 An oidhche ’n-a dhiaidh san do sheasaimh an Tighearna láimh leis agus dubhairt se: Bí seasamhach! Fé mar atá fiadhnuise déanta agat ormsa i n-Ierúsalem caithfir fiadhnuise déanamh orm sa Róimh.

12 Ach nuair a tháinig an lá tháinig rainnt de sna Iúdaígh i bhfochair a chéile agus dhearbhuighdar ná h-íosfaidís bia agus ná h-ólfaidís deoch go dtí go mbeadh Pól marbh acu.

13 Bhí breis agus dachad duine acu ann a chuir an dearbhú san ortha féin.

14 Ansan thánadar ag triall ar uachtaránaibh na sagart agus ar na seanóiríbh agus dubhradar: Tá ceangal fé easgaine curtha againne orainn féin gan aon nídh do bhlaise go marbhuighmíd Pól.

15 Anois, d’á bhrígh sin, cuiridh-se agus an chómhairle sgéala ag triall ar an dtribiún agus abraidh leis é chur chúghaibh, fé mar a bheadh eólus éigin níos cruinne uaibh ’n-a thaobh. Táimídne ollamh agus sar a sroisidh sé sibhse beidh sé marbh againn.

16 Bhí mac deirbhshéar do Phól ag éisteacht leis an uisgefé-thalámh. Tháinig sé agus chuaid sé isteach sa longphort agus d’innis sé do Pól an sgéal.

17 Ghlaoidh Pól chuighe duine de sna taoiseachaibh céad agus dubhairt sé leis: Beir an buachaill seo ag triall ar an dtribiún; tá nídh aige le h-innsint dó.

18 Thóg seisean leir é ag triall ar an dtrbiún agus dubhairt sé: Dubhairt an príosúnach, Pól, liom an buachaill seo thabhairt chúghat mar go bhfuil rud aige le rádh leat.

19 Do rug an tribiún ar láimh air, agur d’imthigh sé i leith. taoibh leis agus chuir sé an cheist chuige: Cad é seo atá agat le h-innsint dom?

20 Agus dubhairt seisean: Tá socair ag na Iúdaígh ar a iarraidh ort Pól do chur ag triall ortha amáireach, chun na cómhairle, mar dh’eadh go dteastuigheann uatha é cheistiú níos géire ar nídh éigin.

21 Ach ná creidse iad. Tá breis agus dachad fear acu ag faire i gceilg air agus tá ceangal fé easgaine curtha acu ortha féin gan bia dh’ithe ná deoch a dh’ól go marbhuíghid siad é, agus táid siad ollamh anois ag feitheamh leis an ngeallmhaint uait.

22 Do chuir an tribiún uaidh an buachaill agus dubhairt sé leis gan a dh’innsint d’aoinne gur thug sé an méid sin eóluis dó féin.

23 Ansan do ghlaoidh sé chuige beirt taoiseach céad agus dubhairt sé leó: Ollmhuighidh dá chéad saighdiúir, agus deichniubhar a’s trí fichid marcach, agus dhá chéad lucht sleagh, ó’n dtrímhad h-uair de’n oidhche, chun dul go Caesaréa;

24 Agus ollmhuighidh eachra iompair ar a gcuirfid siad Pól chun é bhreith slán agh triall ar Fhéilics an gobhernóir.

25 (Mar bhí eagal air go dtógfadh na Iúdaígh an éigin é agus go marbhóchaidís é, agus ansan go ndéanfí tromaidheacht air féin, go ndéarfí go raibh airgead le fághail aige as.)

26 Agus do sgríbh sé litir agus dubhairt sé inti: “Claudius Lusias chun an ghobhernóra ró-uasail, Féilics, sláinte.

27 Do rug na Iúdaígh ar an bhfear so agus bhíodar ar tí é chur chun bháis. Do fuaras féin amach gur bh’fhear Rómhanach é agus thánag ortha le buidhin airm agus thógas uatha é.

28 Ansan theastuigh uaim ’fhios a bheith agam cad a bhí acu ’á chur ’n-a leith agus chuireas i láthair a gcómhairle féin é.

29 Fuaras gur neithe éighin a bhain le n-a ndlighe féin a bhí acu ’á chur n-a leith, agus ná raibh aon choir déanta aige do thuillfeadh bhás ná braighdineas.

30 Ansan do h-innseadh dom go raibh ceilg déanta acu dó aghus chuireas ag triall ortsa é, agus dubhart leó-san pé nídh a bhí acu le cur ’n-a leith, é chur n-a leith ad láthair-se. Slán leat.”

31 Ansan do thóg na saighdiúirí leó Pól, fé mar a h-órduígheadh dóibh, sa n-oidhche, go h-Antipatris,

32 Agus amáireach a bhí chúghainn do leogadar do’n mharc-shluagh dul leis agus thánadar féin thar n-ais go dtí an longphort.

33 Chuadar-san go Caesaréa agus thugadar an litir do’n Ghobhernóir agus chuireadar Pól ’n-a láthair.

34 Do léigh sé an litir, ansan d’fhiafraigh sé cad é an ceanntar n-ar bh’ as é, agus nuair a fuair sé gur bh’ ó Chilicia é:

35 Éistfead leat. ar seisean, nuair a thiocfaidh an mhuinncir atá ag cur ad leith. Agus d’órduigh sé é chur fé chimeád i gcúirt Héróid.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí