Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIII. An riachtanas atá le h-aithríghe dhéanamh. An crann fíge a bhí seasg. Leigheas na mná a bhí leice, ⁊rl.

1 Agus bhí daoine láithreach an uair chéadna san a dh’innis dó i dtaobh na nGaililíach n-ar mheasg Pílát a gcuid fola ar a n-ídhbirtibh.

2 Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: An dóigh libh gur pheacacha na Gaililíacha san thar Ghaililíachaibh eile, treas go dtáinig an íde sin ortha?

3 Deirim libh nár bh’ eadh; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe tiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.

4 Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsalem?

5 Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.

6 Agus do labhair sé leó an tsoluíd seo: Bhí crann fíge curtha ag duine ’n-a fhíonghort, agus tháinig sé ag lorg toradh ar an gcrann, agus ní bhfuair.

7 Agus dubhairt sé leis an saothruightheóir: Féach, táim le trí bliana ag teacht anso ag lorg toradh ar an gcrann fíge seo agus ní bhfaghaim é; gearr é: cad chuige go mbeadh an talamh aige?

8 Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: A Thighearna, sgaoil leis an bhliain seo go ndeinead rómhar ’n-a thímpal agus go gcuiread leasú leis,

9 Ansan má thugann sé toradh uaidh; ach mura dtugaidh, gearrthar é feasda.

10 Agus bhíodh sé ag teagasg ’n-a sinagóig ins na sabbóidibh.

11 Agus féach, bean i n-a raibh spioraid lagachair ar feadh ocht mbliana déag, agus bhí sí cromtha, agus ní fhéadfadh sí féachaint suas i n-aon chor;

12 Agus nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led’ghearán.

13 Agus chuir sé a dhá láimh uirthi, agus do dírigheadh suas í láithreach, agus thug sí glóire do Dhia.

14 Agus d’fhreagair uachtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do dhéanamh an leighis lá na sabbóide, agus dubhairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann ’n-ar cheart obair a dheanamh; tagaidh aon lá dhíobh san, agus leighistear sibh; agus ná tagaidh lá na sabbóide.

15 Agus d’fhreagair an Tighearna é agus dubhairt sé: A chealgairí, ná sgaoileann gach aoinne agaibh-se a bhó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé chun uisge iad, lá na sabbóide?

16 Ach an inghean so Ábrahaim á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag, níor cheart í fhuasgailt ó’n gceangal, san lá na sabbóide?

17 Agus nuair a dubhairt sé an chaint sin do las a namhaid go léir le náire, agus do ghaibh gáirdeachas an pobul mar gheall ar na neithe go léir a dheineadh sé chómh glórmhar.

18 Agus dubhairt sé: Cad leis gur cosmhail rígheacht Dé, agus cad leis go samhlóchad é?

19 Is cosmhail é le gráinne mustáird n-ar dhein duine é thógaint agus é chur ’n-a gháirdín, agus d’fhás sé, ’gus dhein crann mór de, agus do neaduigh éanlaithe an aéir ’n-a ghéagaibh.

20 Agus dubhairt sé airís: Cad leis go samhlóchad rígheacht Dé?

21 Is cosmhail é leis an ngiost a thóg bean, agus d’fholuigh sí i dtrí tómhasaibh mine go dtí gur ghlac an mhin go léir an giost.

22 Agus do ghluais sé tré sna catharachaibh agus tré sna bailtibh ag teagasg, agus é ag dul fé dhein Ierúsalem.

23 Agus dubhairt duine leis: A Thighearna, an amhlaidh ná saorthar ach beagán? Agus dubhairt seisean leó:

24 Deinidh dícheall ar dhul isteach an dorus cumhang; óir deirim libh go mbeidh a lán a d’iarraidh dul isteach, agus ní fhéadfaid siad é.

25 Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se.

26 Ansan tusnóchaidh sibh ar a rádh: D’itheamair agus d’ólamair os do chómhair, agus dheinis teagasg i n-ár sráidibh.

27 Agus dearfaidh sé libh: Ní fheadar cad as daoibh-se; imthighidh go léir uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.

28 Ansan a bheidh an gol agus an díosgán fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.

29 Agus tiocfaid siad ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, ó’n gceann tuaidh agus ó’n gceann teas, agus suidhfid siad síos i rígheacht Dé.

30 Agus féach, tá daoine ar deire a bheidh ar tusach, agus tá daoine ar tusach a bheidh ar deire.

31 An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha.

32 Agus dubhairt sé leó: Imthighidh agus abraidh leis an mada ruadh san: Féach, táim ag cur deamhan amach agus ag déanamh leigheas indiu agus amáireach, agus beidh deire liom an trímhadh lá.

33 Ach cheana, ní foláir dom bheith ag siúbhal indiu agus amáireach agus amanarthar, óir ní dual fáidh d’fhághail bháis lasmuigh d’Ierúsalem.

34 A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a curtar chúghat, cad é a mhinice dob’ áil liom do chlann a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níos bh’áil leat!

35 Féach, fágfar agaibh bhúr dtigh go folamh, agus deirim libh ná feicfidh sibh mise go dtagaidh an tráth ’n-a ndéarfaidh sibh, Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí