Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus do labhair sé leó an tsoluíd seo: Bhí crann fíge curtha ag duine ’n-a fhíonghort, agus tháinig sé ag lorg toradh ar an gcrann, agus ní bhfuair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus dʼinis sé an fáithscéal seo: “Fear a bhí ann a raibh crann fige plandaithe ina fhíonghort; agus tháinig sé ag iarraidh toraidh air, gan toradh a fháil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus labhair sé an tsamhlaoid seo fosta: Bhí crann fíge ag duine áirithe curtha ina fhíonghort, agus tháinic sé a chuartughadh tortha air, agus ní fhuair sé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do labhair sé leo an tsamhlaoid seo; Do bhí crann fige curtha ag duine áirithe ’n‐a fhíonghort; agus tháinig sé ar lorg tortha air, agus ní fhuair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus mar an gcendna a dubhairt sé an chosamhlachdsa; Do bhí crann fige ag duine áirige curtha ann a fhíneamhain; agus táinic sé diárruidh toraidh air, agus ní fhuáir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Dúirt sé an parabal seo: “Bhí fear ann a raibh crann figí curtha ina fhíon-ghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Dúirt sé an parabal seo: “Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:6
14 Tagairtí Cros  

Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.


Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é.


Ní sibh-se a dhein mise do thoghadh: ach is mise a dhein sibh-se do thoghadh, agus do cheapadh chun go n-imtheochadh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh uaibh, agus go leanfadh bhúr dtoradh; i dtreó, pé rud a dh’iarrfadh sibh ar an Athair am’ ainim-se, go dtabharfadh sé daoibh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí