Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do bhí daoine láithreach an t‐am céadna sin d’innis dó i dtaobh na nGaliléach, gur mheasc Píoláid a gcuid fola le n‐a n‐íodhbartaibh.

2 Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, An measann sibh gur mheasa mar pheacaigh na Galiléaigh úd ’ná an chuid eile de na Galiléachaibh, de chionn gur fhulaingeadar an méid sin?

3 Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna.

4 Nó an t‐ochtar déag úd gur thuit an túr i Silóam ortha, agus gur mharbh sé iad, an measann sibh gur mhó ba chionntach iad‐san thar a bhfuil de dhaoinibh i nIarúsalem?

5 Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna.

6 Agus do labhair sé leo an tsamhlaoid seo; Do bhí crann fige curtha ag duine áirithe ’n‐a fhíonghort; agus tháinig sé ar lorg tortha air, agus ní fhuair.

7 Agus adubhairt sé leis an bhfíon‐churadóir, Féach, atáim le trí bliadhnaibh ag teacht ar lorg tortha ar an gcrann fige seo, agus ní fhaghaim: leag é; cad chuige an talamh do chur amugha gan tairbhe d’á dheascaibh?

8 Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leis, A thighearna, leig dó an bhliadhain seo,

9 go rómharad ’n‐a thimcheall, agus go gcuiread aoileach faoi: agus má bheir sé toradh annsin, béidh go maith; acht muna dtugaidh, leagfaidh tú é.

10 Agus do bhí sé ag teagasc i sionagóig áirithe, lá na sabóide.

11 Agus féach, bean ’n‐a raibh spioraid lag‐bhrighe le h‐ocht mbliadhnaibh déag; agus do bhí sí cromtha, agus ní raibh ar chumas dí í féin do dhíriú ar chor ar bith.

12 Agus nuair do chonnaic Íosa í, do ghlaodh sé chuige í, agus adubhairt sé léi, A bhean, atá tú saor ód’ laige.

13 Agus do chuir sé a lámha uirthi: agus ar an láthair d’éirigh sí díreach, agus thug sí glóir do Dhia.

14 Agus d’fhreagair uachtarán na sionagóige, agus é go díombuidheach d’Íosa toisc leigheas do dhéanamh, lá na sabóide, agus adubhairt sé leis an sluagh, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do dhéanamh: tagaidh ar na laethibh sin go leigheasfar sibh, agus ná bidhidh ag teacht lá na sabóide.

15 Acht d’fhreagair an Tighearna é, agus adubhairt, A bhréigfhíréana, nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus nach gcinnireann sé chum uisce é?

16 Agus an bhean so, inghean Abrachaim, do bhí fá cheangal ag Sátan le h‐ocht mbliadhna déag anuas, nár cheart í do scaoileadh ó’n gceangal sin, lá na sabóide?

17 Agus nuair adubhairt sé na neithe sin, do chuir sé náire ortha‐san do bhí ’n‐a aghaidh: agus do bhí an‐áthas ar an sluagh de bhárr na neithe glórmhar go léir do bhí aige d’á ndéanamh.

18 Agus adubhairt sé, Cad leis gur cosmhail ríoghacht Dé? agus cad leis go samhlóchad í?

19 Is cosmhail í le gráinne síl mustaird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a gharrdha féin; agus d’fhás sé, agus d’éirigh sé ’n‐a chrann; agus do neaduigh éanlaithe na spéire ’n‐a ghéagaib.

20 Agus adubhairt sé arís, Cad leis go samhlóchad ríoghacht Dé?

21 Is cosmhail í le laibhín do ghlac bean chuichi, agus d’fholuigh sí i dtrí peicibh mine nó gur ghlac an t‐iomlán an laibhín.

22 Agus do ghluais sé roimhe tríd na cathrachaibh agus tríd na sráid‐bhailtibh, ag teagasc, agus é ag dul fá dhéin Iarúsalem.

23 Agus adubhairt duine leis, A Thighearna, an amhlaidh nach slánuighthear acht beagán?

24 Agus adubhairt sé leo, Déanaidh dícheall ar dhul isteach an doras cumhang: óir adeirim libh gur ab iomdha duine bhéas ag iarraidh dul isteach, agus ní éireochaidh leo.

25 Chómh luath agus bhéas fear an tighe éirighthe, agus doras an tighe dúnta aige, agus thosnuigheas sibh‐se ar bheith ’n‐bhúr seasamh amuigh, agus ar an doras do bhualadh, g‐á rádh, A Thighearna, foscail dúinn; agus freagróchaidh seisean agus adéarfaidh sé libh, Ní fhuil a fhios again cad as daoibh‐se;

26 annsin tosnóchaidh sibh‐se ar a rádh, D’itheamar agus d’ólamar id’ fhochair, agus do‐rinnis‐se teagasc ’n‐ár sráidibh;

27 agus adéarfaidh seisean, Adeirim libh, Ní fhuil a fhios agam cad as daoibh; imthighidh uaim a lucht an uilc do dhéanamh.

28 Annsin béidh gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐chífidh sibh Abracham, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáidhe go léir i ríoghacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.

29 Agus tiocfaidh siad ó’n domhan thoir, agus ó’n domhan thiar, andeas agus adtuaidh, agus suidhfidh siad síos i ríoghacht Dé.

30 Agus féach, atá daoine ar deireadh bhéas ar tosach, agus atá daoine ar tosach bhéas ar deireadh.

31 An lá céadna sin tháinig cuid de na Fairisíneachaibh, g‐á rádh leis, Imthigh agus fág an áit seo; óir atá Ioruath ar tí do mharbhtha.

32 Agus adubhairt sé leo, Imthighidh agus abraidh leis an sionnach sin, Féach, atáim ag cur deamhan amach, agus ag déanamh leighiseann indiu agus amárach, agus béidh deireadh liom an treas lá.

33 Acht cheana caithfead bheith ag gluaiseacht rómham indiu, agus amárach agus arbhu amárach: óir ní féidir go bhfaigheadh fáidh bás taobh amuigh de Iarúsalem.

34 A Iarúsalem, a Iarúsalem, mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san a curtar chugat! cad é a mhinicighe dob’ áil liom do chlann do chruinniú le chéile, mar chruinnuigheas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil leat é!

35 Féach, fágthar bhúr dteaghlach i n‐uaigneas agaibh: agus adeirim‐se libh, Ní fheicfidh sibh mise arís go dtí go n‐abróchaidh sibh, Is beannuighthe an té thig i n‐ainm an Tighearna.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí