Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Nó an t‐ochtar déag úd gur thuit an túr i Silóam ortha, agus gur mharbh sé iad, an measann sibh gur mhó ba chionntach iad‐san thar a bhfuil de dhaoinibh i nIarúsalem?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus na hocht nduine dhéag ar thit an túr i Silóam ina mullach gur mharaigh iad, an measann sibh gur mhó na peacaigh iad ná a raibh dʼáitreabhaigh in Iarúsailéim?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Amhail an t-ochtar déag ar thuit an túr ortha i Siloe, gur mharbh iad, an síleann sibh gur mhó na fiachamhnaigh iad ná na daoine eile go léir a bhí ina gcómhnaidhe i n-Ierusalem?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Nó an sáoiltí na hochd bhfir deag úd, air ar thúit an tor a Síloam, agus do mharbh iád, gur mhó na peacthaigh iád ná gach áoin nduine eile dá raibh na gcomhnuidhe a Niárúsalém?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsalem?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóm agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile dʼáitritheoirí Iarúsailéim?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:4
13 Tagairtí Cros  

Agus nuair do thosnuigh sé ar an gcunntas do dhéanamh, tugadh chuige duine go raibh deich míle talann aige air.


agus maith dhúinn ár bhfiacha, mar do mhaitheamair‐ne d’ár bhféicheamhnaibh féin;


Agus maith dhúinn ár bpeacaidhe; mar mhaithimíd‐ne dhóibh‐sean ar a bhfuil fiacha againn. Agus na seol i gcathú sinn.


Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna.


Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna.


D’fhreagair sé, An fear ar a dtugtar Íosa, do‐rinne sé láib, agus do sméaruigh sé mo shúile, agus adubhairt sé liom, Imthigh go Sílóam, agus nigh: agus d’imthigheas agus do nigheas, agus fuaras mo radharc.


agus adubhairt sé leis, Imthigh, nigh i lochán Shílóam (chialluigheas, Curtha). D’imthigh sé, mar sin, agus do nigh, agus d’fhill sé agus a radharc aige.


Agus nuair chonnaic an lucht áitreabhtha an phiast ar liobarnaigh ar a láimh, adubhradar le chéile, Gan amhras, is dúnmharbhthóir an duine seo, agus, bíodh go dtáinig sé slán ó’n bhfairrge, ní leigeann díoghaltas Dé dhó bheith beo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí