Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 An lá céadna sin tháinig cuid de na Fairisíneachaibh, g‐á rádh leis, Imthigh agus fág an áit seo; óir atá Ioruath ar tí do mharbhtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Ba ansin go díreach a tháinig cuid de na Fairiséigh chuige go ndúirt siad leis, “Éalaigh as seo mar tá Iorua ar do thóir agus rún aige tú a mharú.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 An lá céadna sin tháinic cuid de na Fairisínigh chuige a rádh leis: Imhthigh agus fág an áit seo, óir is mian le h-Ioruadh thú a mharbhadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 An lasin féin tangadar cuid airighe do na Phairisíneachuibh chuige, ag radh ris, Imthigh amach, agus fág a náitsi: óir is mian ré Híoruáith do mharbhadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige dá rá leis: “Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:31
9 Tagairtí Cros  

Ins an am sin do‐chuala Ioruath, an téatrarc, an t‐iomrádh ar Íosa,


Óir do rug Ioruath ar Eoin, agus do cheangail sé é, agus do chuir sé i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib a dhearbhráthair.


Acht nuair tháinig lá beirthe Ioruaith, do‐rinne inghean Neródias damhsa, ’n‐a láthair, agus do thaithin sí le h‐Ioruath.


Agus nuair do thuig sé gur le líomatáiste Ioruaith do bhain sé, do chuir sé chum Ioruaith é, mar bhí sé féin i nIarúsalem le n‐a linn sin.


Agus sa gcúigeadh bliadhain déag de réimeas Thiberius Céasar, an tráth ’n‐a raibh Point Píoláid ’n‐a cheannphort ar lúdaea, agus Ioruath ’n‐a thetrarcha ar an nGaililé, agus Pilib a dhearbhráthair ’n‐a thetrarcha ar Itúraea agus ar Thrachónítis, agus Lusanias ’n‐a thetrarcha ar Abiléne,


Agus do‐chuala Ioruath an tetracha i dtaobh gach nidh do bhí d’á dhéanamh: agus do bhí mearbhall mór air, mar do bhí dream g‐á rádh gurbh é Eoin d’éirigh ó na marbhaibh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí