Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus adubhairt sé leo, Imthighidh agus abraidh leis an sionnach sin, Féach, atáim ag cur deamhan amach, agus ag déanamh leighiseann indiu agus amárach, agus béidh deireadh liom an treas lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Agus dúirt sé leo, “Imígí agus insígí don sionnach úd, ‘Féach, táim ag díbirt deamhan agus ag déanamh leigheas inniu agus amárach, agus ag críochnú mo chúrsa an tríú lá.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Agus dubhairt seisean leo: Imthighigidh, agus abraigidh leis an tsionnach úd: Féach, teilgim amach deamhain, agus ghním leigheasanna, indiu agus i mbárach, agus ar an treas lá béidh deireadh liom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Agus a dubhairt seision ríu, Ar nimtheach dáoibh, abruidh ris an tsionachsin, Féuch, teilgimsi deamhain amach, agus dó ním leigheas a niu agus a márach, agus críochnóchar leam an treas lá.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus dubhairt sé leó: Imthighidh agus abraidh leis an mada ruadh san: Féach, táim ag cur deamhan amach agus ag déanamh leigheas indiu agus amáireach, agus beidh deire liom an trímhadh lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Agus dúirt sé leo: “Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: ‘Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

32 Agus dúirt sé leo: “Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: ‘Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:32
16 Tagairtí Cros  

Agus do‐chuala Ioruath an rí ’n‐a thaobh sin; óir do bhí a ainm d’á luadh: agus adubhairt sé, Atá Eoin Baiste éirighthe ó na marbhaibh, agus, d’á bhrigh sin, atá na cumhachta so ag oibriú ann.


D’fhreagair Íosa dhóibh, Is iomdha deagh‐obair ó’n Athair do thaisbeánas daoibh; cia aca obair dhíobh go bhfuil sibh ag gabháil de chlochaibh orm mar gheall air?


Agus nuair do ghlac Íosa an bhínéigre, adubhairt sé, Atá críochnuighthe: agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh.


Óir ba chuibhe do’n té, gur dó atá an uile nidh, agus gur tríd atá an uile nidh, ag tabhairt móráin clainne chum glóire dhó, príomh‐ughdar a slánuighthe d’fhoirbhiú tré n‐ar fhulaing sé.


agus tar éis dó teacht i bhfoirbhtheacht, do bhí sé mar ughdar slánuighthe shíorraidhe do na daoinibh go léir umhluigheas dó;


Óir do‐ghní an dlighe sagairt d’fhearaibh nach bhfuil saor ó laige; acht briathar an mhionna, tháinig i ndiaidh na dlighe, d’órduigh sé Mac atá foirbhighthe go deo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí